+Airteagal 42 Ceanglais maidir le háireamh ar an liosta tíortha a bhfuil sé údaraithe onnmhairiú chucu
---+Airteagal 42 1.
---+Airteagal 42 2.
---+Airteagal 42 3.
---+Airteagal 42 4.
---+Airteagal 42 5.

Airteagal 42 Ceanglais maidir le háireamh ar an liosta tíortha a bhfuil sé údaraithe onnmhairiú chucu

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 42 1.
Tíortha nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo agus a bhfuil rún acu dramhaíolacha áirithe nó meascáin dramhaíola áirithe dá dtagraítear in Airteagal 40(1) a fháil ón Aontas lena n-aisghabháil, cuirfidh siad iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ina dtabharfaidh siad le fios go bhfuil siad sásta na dramhaíolacha áirithe nó na meascáin dramhaíola áirithe sin a fháil agus a bheith le háireamh ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 41. Soláthrófar an iarraidh sin agus an doiciméadacht uile nó teachtaireachtaí eile lena mbaineann i mBéarla.
Airteagal 42 2.
Cuirfear an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 isteach trí leas a bhaint as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII agus áireofar san iarraidh an fhaisnéis uile a shonraítear san fhoirm.
Airteagal 42 3.
An tír a bhfuil an iarraidh á déanamh aici, léireoidh sí go bhfuil na bearta uile is gá curtha i bhfeidhm agus á gcur chun feidhme aici lena áirithiú go mbainisteofar an dramhaíl lena mbaineann ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 59.

Chuige sin, léireoidh an tír a bhfuil an iarraidh á déanamh aici an méid seo a leanas:

(a) 

go bhfuil straitéis chuimsitheach nó plean cuimsitheach um bainistiú dramhaíola aici a chumhdóidh a críoch iomlán agus a léireoidh go bhfuil sí ábalta agus go bhfuil sí réidh le háirithiú go mbainisteofar dramhaíl ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad san áireamh sa phlean nó straitéis sin:

(i) 

cainníocht bhliantúil na dramhaíola iomláine a ghintear sa tír, chomh maith le cainníocht bhliantúil na dramhaíola a chumhdaítear le raon feidhme a hiarrata (‘dramhaíl lena mbaineann an iarraidh’) a ghintear sa tír, agus an chaoi a meastar go dtiocfaidh forbairt ar na cainníochtaí sin sna 10 mbliana amach romhainn;

(ii) 

meastachán ar an acmhainneacht cóireála atá ann faoi láthair do dhramhaíl i gcoitinne, chomh maith le meastachán ar an acmhainneacht cóireála don dramhaíl a chumhdaítear leis an iarraidh, agus ar an gcaoi a meastar go dtiocfaidh forbairt ar na hacmhainneachtaí sin sna 10 mbliana ina dhiaidh sin;

(iii) 

an sciar de dhramhaíl intíre a bhailítear go leithleach, chomh maith le haon chuspóir agus beart chun an sciar sin a mhéadú amach anseo;

(iv) 

léiriú ar an sciar de dhramhaíl intíre atá cumhdaithe san iarraidh a chuirtear i líonadh talún, chomh maith le haon chuspóir agus beart chun an sciar sin a laghdú amach anseo;

(v) 

léiriú ar an sciar de dhramhaíl intíre lena mbaineann an iarraidh a athchúrsáiltear, chomh maith le haon chuspóir agus beart chun an sciar sin a mhéadú amach anseo;

(vi) 

faisnéis faoin gcainníocht dramhaíola a chaitear amach mar bhruscar agus faoi na bearta a dhéantar chun bruscar a chosc agus a ghlanadh suas;

(vii) 

straitéis maidir le conas a áirithiú go mbainisteofar dramhaíl a allmhaireofar isteach ina críoch ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, lena n-áirítear tionchar féideartha an allmhairithe sin ar an gcaoi a mbainisteofar dramhaíl a ghintear ar bhonn intíre;

(viii) 

faisnéis faoin modheolaíocht a úsáidtear chun na sonraí dá dtagraítear i bpointí (i) go (vi) a ríomh;

(b) 

go bhfuil creat dlíthiúil um bainistiú dramhaíola i bhfeidhm sa tír, ina n-áireofar na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(i) 

córas nó córais údarúcháin, cheadúnaithe nó chlárúcháin le haghaidh saoráidí cóireála dramhaíola;

(ii) 

córas nó córais údarúcháin, cheadúnaithe nó chlárúcháin le haghaidh iompar dramhaíola;

(iii) 

forálacha atá ceaptha chun a áirithiú go mbainisteofar an dramhaíl iarmharach, arna giniúint tríd an oibríocht aisghabhála le haghaidh na ndramhaíolacha lena mbaineann an iarraidh, ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 59;

(iv) 

rialuithe leormhaithe ar thruailliú maidir le hoibríochtaí bainistithe dramhaíola, lena n-áirítear teorainneacha astaíochta chun an t-aer, an ithir agus an t-uisce a chosaint, agus bearta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa arna n-eascairt as na hoibríochtaí sin a laghdú;

(v) 

forálacha maidir le forfheidhmiú, cigireachtaí agus pionóis atá ceaptha chun a áirithiú go gcuirtear na ceanglais intíre agus idirnáisiúnta maidir le bainistiú agus loingsiú dramhaíola chun feidhme;

(c) 

gur Páirtí í sna comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII, agus go bhfuil na bearta déanta aici a bhfuil gá leo chun a hoibleagáidí faoi na comhaontuithe sin a chur chun feidhme;

(d) 

go bhfuil straitéis curtha i bhfeidhm aici chun an reachtaíocht intíre maidir le bainistiú dramhaíola agus loingsiú dramhaíola a fhorfheidhmiú, ina gcumhdaítear bearta um rialú agus faireacháin, lena n-áirítear faisnéis faoi líon na gcigireachtaí a rinneadh ar loingsithe dramhaíola agus ar shaoráidí bainistithe dramhaíola, agus faoi na pionóis arna ngearradh i gcásanna inar sáraíodh na rialacha intíre ábhartha.

Airteagal 42 4.
Tráth nach luaithe ná an 21 Bealtaine 2029, tíortha nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo agus a bhfuil sé beartaithe acu dramhaíl phlaisteach dá dtagraítear in Airteagal 39(1)(d) a fháil ón Aontas lena hathchúrsáil, féadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina léireofar go bhfuil siad toilteanach dramhaíl den sórt sin a fháil agus a bheith san áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 41. Soláthrófar an iarraidh sin agus an doiciméadacht uile nó teachtaireachtaí eile lena mbaineann i mBéarla.

De bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3, léireoidh an tír a bhfuil an iarraidh á déanamh aici na nithe uile seo a leanas freisin:

(a) 

go bhfuil córas cuimsitheach bainistithe dramhaíola i bhfeidhm aici a chumhdaíonn a críoch iomlán agus a áirithíonn go héifeachtach bailiú ar leithligh dramhaíola plaistí;

(b) 

go bhfuil creat dlíthiúil um bainistiú dramhaíola i bhfeidhm aici, ina n-áirítear na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(i) 

toirmeasc ar dhó oscailte agus ar líonadh talún neamhrialaithe dramhaíola;

(ii) 

toirmeasc ar dhramhaíl phlaisteach a bhailítear ar leithligh a loscadh agus a chur i líonadh talún;

(iii) 

forálacha maidir le forfheidhmiú, cigireacht agus pionóis atá ceaptha chun cur chun feidhme phointí (a) agus (b)(i) agus (ii) a áirithiú;

(c) 

nach mbeidh aon drochthionchar ag allmhairí dramhaíola plaistí ón Aontas ar bhainistiú dramhaíola plaistí a ghintear sa tír.

Airteagal 42 5.
I gcás aon athrú ar an bhfaisnéis arna soláthar don Choimisiún faoi mhír 3, soláthróidh na tíortha atá san áireamh ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 41 nuashonrú ar an bhfaisnéis a shonraítear san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, chomh maith le fianaise thacaíochta ábhartha, gan mhoill. Na tíortha atá san áireamh ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 41, soláthróidh siad don Choimisiún in aon chás, sa chúigiú bliain tar éis a n-áireamh den chéad uair, nuashonrú ar an bhfaisnéis a shonraítear san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, chomh maith le fianaise thacaíochta ábhartha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas