|
+Airteagal 42 4. |
Airteagal 42 4.Tráth nach luaithe ná an 21 Bealtaine 2029, tíortha nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo agus a bhfuil sé beartaithe acu dramhaíl phlaisteach dá dtagraítear in Airteagal 39(1)(d) a fháil ón Aontas lena hathchúrsáil, féadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina léireofar go bhfuil siad toilteanach dramhaíl den sórt sin a fháil agus a bheith san áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 41. Soláthrófar an iarraidh sin agus an doiciméadacht uile nó teachtaireachtaí eile lena mbaineann i mBéarla. De bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3, léireoidh an tír a bhfuil an iarraidh á déanamh aici na nithe uile seo a leanas freisin:
(a)
go bhfuil córas cuimsitheach bainistithe dramhaíola i bhfeidhm aici a chumhdaíonn a críoch iomlán agus a áirithíonn go héifeachtach bailiú ar leithligh dramhaíola plaistí;
(b)
go bhfuil creat dlíthiúil um bainistiú dramhaíola i bhfeidhm aici, ina n-áirítear na heilimintí seo a leanas ar a laghad:
(i)
toirmeasc ar dhó oscailte agus ar líonadh talún neamhrialaithe dramhaíola;
(ii)
toirmeasc ar dhramhaíl phlaisteach a bhailítear ar leithligh a loscadh agus a chur i líonadh talún;
(iii)
forálacha maidir le forfheidhmiú, cigireacht agus pionóis atá ceaptha chun cur chun feidhme phointí (a) agus (b)(i) agus (ii) a áirithiú;
(c)
nach mbeidh aon drochthionchar ag allmhairí dramhaíola plaistí ón Aontas ar bhainistiú dramhaíola plaistí a ghintear sa tír. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|