|
+Airteagal 45 3. |
Airteagal 45 3.Is é is aidhm don iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a fhíorú go bhfuil an méid seo a leanas déanta sa tír lena mbaineann:
(a)
go bhfuil creat dlíthiúil leormhaith curtha i bhfeidhm agus á chur chun feidhme le haghaidh onnmhairiú agus bhainistiú na dramhaíola lena mbaineann, dramhaíl a allmhairítear agus dramhaíl a ghintear sa tír araon, ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, chomh maith le bearta leormhaithe lena áirithiú go mbainisteofar an dramhaíl iarmharach arna giniúint trí aisghabháil na dramhaíola lena mbaineann ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;
(b)
go bhfuil tuairisciú ar leithligh curtha i bhfeidhm maidir le cainníocht na dramhaíola a ghintear sa tír lena mbaineann agus maidir le cainníocht na dramhaíola a allmhairítear isteach sa tír sin;
(c)
go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ina críoch chun bainistiú na dramhaíola lena mbaineann a dhéanamh ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus an méid dramhaíola atá á hallmhairiú isteach ina críoch á chur san áireamh aici;
(d)
go bhfuil straitéis leordhóthanach curtha i bhfeidhm, lena n-áirítear bearta chun a áirithiú nach mbeidh aon éifeacht shuntasach dhíobhálach ag allmhairiú na dramhaíola lena mbaineann ar bhailiú agus ar bhainistiú na dramhaíola a ghintear ar bhonn intíre;
(e)
go bhfuil bearta forfheidhmithe leormhaithe curtha i bhfeidhm agus chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar an dramhaíl lena mbaineann a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus chun aghaidh a thabhairt ar loingsithe neamhdhleathacha a d’fhéadfadh a bheith ann nó cóireáil a dhéanamh ar dhramhaíl den sórt sin;
(f)
i gcás dramhaíl phlaisteach a onnmhairiú, go bhfuil ceanglais á gcur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar dramhaíl phlaisteach a athchúrsáil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus go ndéanfar dramhaíl iarmharach a ghintear tríd an bpróiseas athchúrsála a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, lena n-áirítear trí thoirmeasc a chur ar dhramhaíl den sórt sin a dhó nó a dhumpáil. Ina theannta sin, beidh sé d’aidhm ag an iarraidh a fhíorú go gcuirfear bearta chun feidhme chun allmhairiú dramhaíola plaistí ón Aontas a sheachaint, rud a bhainfeadh an bonn de bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ar dhramhaíl phlaisteach a ghintear ar bhonn intíre agus freisin go ndearnadh bearta chun loingsiú dramhaíola plaistí allmhairithe chuig tíortha eile a chosc. Soláthrófar faisnéis freisin lena léireofar go ndéantar forfheidhmiú agus cigireachtaí sonracha ar loingsithe dramhaíola plaistí agus ar shaoráidí a bhainistíonn dramhaíl den sórt sin go tráthrialta chun na ceanglais sin a chur chun feidhme agus chun truailliú san aer, san ithir, san uisce nó sa mhuirthimpeallacht a bhaineann le míbhainistiú dramhaíola plaistí a mhaolú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|