+Airteagal 45 Faireachán ar an nós imeachta onnmhairithe agus coimirce
---+Airteagal 45 1.
---+Airteagal 45 2.
---+Airteagal 45 3.
---+Airteagal 45 4.
---+Airteagal 45 5.
---+Airteagal 45 6.

Airteagal 45 Faireachán ar an nós imeachta onnmhairithe agus coimirce

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 45 1.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar onnmhairí dramhaíola ón Aontas chuig tíortha a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo, d’fhonn a áirithiú nach ndéanfaidh an t-onnmhairiú sin damáiste suntasach don chomhshaol ná do shláinte an duine sa tír chinn scríbe nó nach ndéanfar dramhaíl a allmhairítear ón Aontas a loingsiú ar aghaidh chuig tríú tíortha. Mar chuid dá fhaireachán, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar iarrataí ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil faisnéis agus sonraí ábhartha ag gabháil leo a léiríonn nach gcomhlíonann bainistiú dramhaíola arna honnmhairiú ón Aontas na ceanglais maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 59 i dtríú tír a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir léi, nó go bhfuil onnmhairiú den sórt sin ina chúis le héifeachtaí díobhálacha suntasacha ar bhainistiú dramhaíola a ghintear sa tír sin.
Airteagal 45 2.

Sna cásanna seo a leanas:

(a) 

nach bhfuil dóthain fianaise ar fáil lena léirítear go bhfuil sé ar chumas tíre a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir léi dramhaíl áirithe a aisghabháil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 59, lena n-áirítear mar gheall ar onnmhairiú dramhaíola den sórt sin ón Aontas chuig an tír lena mbaineann, nó

(b) 

ina bhfuil fianaise ann nach gcomhlíonann an tír lena mbaineann ceanglais Airteagal 59 maidir leis an dramhaíl sin, nó

(c) 

ina bhfuil fianaise ann go bhfuil éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar bhainistiú dramhaíola a ghintear sa tír sin mar gheall ar onnmhairiú dramhaíola ón Aontas,

iarrfaidh an Coimisiún ar údaráis inniúla na tíre lena mbaineann faisnéis a sholáthar, laistigh de 60 lá, maidir leis na coinníollacha faoina n-aisghabhtar an dramhaíl atá i gceist, an éifeacht a bheidh ag onnmhairiú na dramhaíola ón Aontas ar bhainistiú na dramhaíola a ghintear sa tír sin agus cumas na tíre lena mbaineann an dramhaíl sin a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 59. Féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an teorainn ama sin má dhéanann an tír lena mbaineann iarraidh réasúnaithe air sin.

Airteagal 45 3.

Is é is aidhm don iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a fhíorú go bhfuil an méid seo a leanas déanta sa tír lena mbaineann:

(a) 

go bhfuil creat dlíthiúil leormhaith curtha i bhfeidhm agus á chur chun feidhme le haghaidh onnmhairiú agus bhainistiú na dramhaíola lena mbaineann, dramhaíl a allmhairítear agus dramhaíl a ghintear sa tír araon, ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, chomh maith le bearta leormhaithe lena áirithiú go mbainisteofar an dramhaíl iarmharach arna giniúint trí aisghabháil na dramhaíola lena mbaineann ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;

(b) 

go bhfuil tuairisciú ar leithligh curtha i bhfeidhm maidir le cainníocht na dramhaíola a ghintear sa tír lena mbaineann agus maidir le cainníocht na dramhaíola a allmhairítear isteach sa tír sin;

(c) 

go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ina críoch chun bainistiú na dramhaíola lena mbaineann a dhéanamh ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus an méid dramhaíola atá á hallmhairiú isteach ina críoch á chur san áireamh aici;

(d) 

go bhfuil straitéis leordhóthanach curtha i bhfeidhm, lena n-áirítear bearta chun a áirithiú nach mbeidh aon éifeacht shuntasach dhíobhálach ag allmhairiú na dramhaíola lena mbaineann ar bhailiú agus ar bhainistiú na dramhaíola a ghintear ar bhonn intíre;

(e) 

go bhfuil bearta forfheidhmithe leormhaithe curtha i bhfeidhm agus chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar an dramhaíl lena mbaineann a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus chun aghaidh a thabhairt ar loingsithe neamhdhleathacha a d’fhéadfadh a bheith ann nó cóireáil a dhéanamh ar dhramhaíl den sórt sin;

(f) 

i gcás dramhaíl phlaisteach a onnmhairiú, go bhfuil ceanglais á gcur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar dramhaíl phlaisteach a athchúrsáil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus go ndéanfar dramhaíl iarmharach a ghintear tríd an bpróiseas athchúrsála a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, lena n-áirítear trí thoirmeasc a chur ar dhramhaíl den sórt sin a dhó nó a dhumpáil. Ina theannta sin, beidh sé d’aidhm ag an iarraidh a fhíorú go gcuirfear bearta chun feidhme chun allmhairiú dramhaíola plaistí ón Aontas a sheachaint, rud a bhainfeadh an bonn de bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ar dhramhaíl phlaisteach a ghintear ar bhonn intíre agus freisin go ndearnadh bearta chun loingsiú dramhaíola plaistí allmhairithe chuig tíortha eile a chosc. Soláthrófar faisnéis freisin lena léireofar go ndéantar forfheidhmiú agus cigireachtaí sonracha ar loingsithe dramhaíola plaistí agus ar shaoráidí a bhainistíonn dramhaíl den sórt sin go tráthrialta chun na ceanglais sin a chur chun feidhme agus chun truailliú san aer, san ithir, san uisce nó sa mhuirthimpeallacht a bhaineann le míbhainistiú dramhaíola plaistí a mhaolú.

Airteagal 45 4.
Ar mhaithe leis an bhfíorú dá dtagraítear i mír 3 a dhéanamh, rachaidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha.
Airteagal 45 5.
Déanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú sonrach maidir le honnmhairiú dramhaíola plaistí chuig tíortha a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo. Déanfaidh an Coimisiún faoin 21 Bealtaine 2026 measúnú i dtaobh an gcomhlíonann tíortha a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo agus a allmhairíonn méideanna suntasacha dramhaíola plaistí ón Aontas an tAirteagal seo.
Airteagal 45 6.
I gcás, de bhreis ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 2, nach soláthraíonn an tír lena mbaineann fianaise leordhóthanach dá dtagraítear i mír 3 go bhfuil an dramhaíl lena mbaineann á bainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 59, nó nach bhfuil aon éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar bhainistiú dramhaíola a ghintear sa tír sin mar thoradh ar an dramhaíl a onnmhairítear ón Aontas, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thoirmeasc a chur ar onnmhairiú na dramhaíola lena mbaineann chuig an tír sin.

Ní bhainfidh an Coimisiún toirmeasc ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach aige go ndéanfar an dramhaíl lena mbaineann a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus nach bhfuil aon éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar bhainistiú dramhaíola a ghintear sa tír sin mar thoradh ar an dramhaíl a onnmhairítear ón Aontas.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas