|
+Airteagal 61 3. |
Airteagal 61 3.Féadfaidh na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí teacht ar an tátal gur dramhaíl atá sa tsubstaint nó sa réad lena mbaineann sna cásanna seo a leanas:
(a)
nach ndearnadh an fhianaise dá dtagraítear i mír 2 nó an fhianaise a theastaíonn faoi reachtaíocht eile an Aontais chun a fhionnadh nach dramhaíl atá i substaint nó i réad, a chur isteach laistigh den tréimhse atá sonraithe acu; nó
(b)
ina measann siad nach leor an fhianaise agus an fhaisnéis atá ar fáil dóibh chun teacht ar thátal, nó ina measann siad nach leor an chosaint a thugtar in aghaidh damáiste dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír. I gcás ina dtagann na húdaráis ar an tátal gur dramhaíl atá i substaint nó i réad i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, measfar go mbeidh iompar na substainte nó an réada lena mbaineann nó an loingsiú dramhaíola lena mbaineann ina loingsiú neamhdhleathach. Dá réir sin, déileálfar leis i gcomhréir le hAirteagail 25 agus 26 agus déanfaidh na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí, údarás inniúil na tíre ina ndearnadh an chigireacht a chur ar an eolas, gan mhoill, dá réir sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|