+Airteagal 61 Doiciméadacht agus fianaise
---+Airteagal 61 1.
---+Airteagal 61 2.
---+Airteagal 61 3.
---+Airteagal 61 4.
---+Airteagal 61 5.
---+Airteagal 61 6.
---+Airteagal 61 7.
|
Airteagal 61 Doiciméadacht agus fianaise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 61 1.
|
Áireofar leis na cigireachtaí ar loingsithe ar a laghad fíorú doiciméad, céannacht na ngníomhaithe a bhaineann leis na loingsithe sin a dheimhniú agus, i gcás inarb iomchuí, seiceáil fhisiceach ar an dramhaíl.
|
|
Airteagal 61 2.
|
Chun a fhionnadh nach dramhaíl atá i substaint nó i réad atá á iompar de bhóthar, d’iarnród, d’aer, d’fharraige nó d’uiscebhealach intíre, féadfaidh na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí a iarraidh ar an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach a bhfuil seilbh aige ar an tsubstaint nó an réad lena mbaineann, nó a shocraíonn an tsubstaint nó an réad sin a iompar, fianaise dhoiciméadach a chur isteach:
(a)
faoi thionscnamh agus faoi cheann scríbe na substainte nó an réada lena mbaineann; agus
(b)
nach dramhaíl í, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, fianaise ar fheidhmiúlacht.
Chun críche na chéad fomhíre, fionnfar freisin cosaint na substainte nó an réada lena mbaineann in aghaidh damáiste le linn iompair, luchtaithe agus díluchtaithe, amhail pacáistiú leormhaith agus cruachadh iomchuí. Chun idirdhealú a dhéanamh idir earraí úsáidte agus dramhaíl, chun críche cigireachta, beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 29(1), an tríú fomhír, chomh maith le haon chritéir a bhunaítear de bhun Airteagal 29(3), i gcás inarb infheidhme. Beidh an mhír seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 23(2) agus Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2012/19/AE do chur i bhfeidhm Airteagal 72(2) agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1542.
|
|
Airteagal 61 3.
|
Féadfaidh na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí teacht ar an tátal gur dramhaíl atá sa tsubstaint nó sa réad lena mbaineann sna cásanna seo a leanas:
(a)
nach ndearnadh an fhianaise dá dtagraítear i mír 2 nó an fhianaise a theastaíonn faoi reachtaíocht eile an Aontais chun a fhionnadh nach dramhaíl atá i substaint nó i réad, a chur isteach laistigh den tréimhse atá sonraithe acu; nó
(b)
ina measann siad nach leor an fhianaise agus an fhaisnéis atá ar fáil dóibh chun teacht ar thátal, nó ina measann siad nach leor an chosaint a thugtar in aghaidh damáiste dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír.
I gcás ina dtagann na húdaráis ar an tátal gur dramhaíl atá i substaint nó i réad i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, measfar go mbeidh iompar na substainte nó an réada lena mbaineann nó an loingsiú dramhaíola lena mbaineann ina loingsiú neamhdhleathach. Dá réir sin, déileálfar leis i gcomhréir le hAirteagail 25 agus 26 agus déanfaidh na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí, údarás inniúil na tíre ina ndearnadh an chigireacht a chur ar an eolas, gan mhoill, dá réir sin.
|
|
Airteagal 61 4.
|
Chun a fhionnadh an gcomhlíonann loingsiú dramhaíola an Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí a cheangal ar an bhfógróir, ar an duine a shocraíonn an loingsiú, ar shealbhóir na dramhaíola, ar an iompróir, ar an gcoinsíní agus ar an tsaoráid a fhaigheann an dramhaíl fianaise dhoiciméadach ábhartha a chur faoina mbráid laistigh de thréimhse a shonraíonn siad, agus féadfaidh siad an dramhaíl atá i loingsiú a choinneáil agus, nuair is gá, na modhanna iompair ina bhfuil an dramhaíl, chomh maith le hiompar na dramhaíola a chur ar fionraí go dtí go gcuirfear an doiciméadacht sin ar fáil.
|
|
Airteagal 61 5.
|
Chun a fhonnadh an bhfuil loingsiú dramhaíola atá faoi réir na gceanglas ginearálta faisnéise a leagtar amach in Airteagal 18 beartaithe le haghaidh oibríochtaí aisghabhála atá i gcomhréir le hAirteagal 59, féadfaidh na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí a chur de cheangal ar an duine a shocraíonn an loingsiú agus ar an gcoinsíní fianaise ábhartha dhoiciméadach a chur isteach, ar faisnéis í a sholáthraíonn an tsaoráid aisghabhála eatramhaí agus an tsaoráid aisghabhála neamheatramhaí agus, más gá, atá formheasta ag an údarás inniúil cinn scríbe. I gcásanna onnmhairithe ón Aontas, ceanglóidh na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí fianaise dhoiciméadach ar an iniúchadh a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 46.
|
|
Airteagal 61 6.
|
I gcás nár cuireadh an fhianaise dá dtagraítear i mír 4 nó i mír 5 faoi bhráid na n-údarás a bhfuil baint acu le cigireachtaí laistigh den tréimhse a shonraíonn siad, nó ina measann siad nach leor an fhianaise agus an fhaisnéis atá ar fáil dóibh chun teacht ar thátal, measfar an loingsiú lena mbaineann a bheith ina loingsiú neamhdhleathach agus déileálfar leis i gcomhréir le hAirteagail 25 agus 26. Déanfaidh na húdaráis a bhfuil baint acu leis na cigireachtaí údarás inniúil na tíre ina ndearnadh an chigireacht a chur ar an eolas, gan mhoill, dá réir sin.
|
|
Airteagal 61 7.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tábla comhghaoil idir cóid na hainmníochta comhcheangailte, dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 agus na hiontrálacha dramhaíola a liostaítear in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIA, Iarscríbhinn IIIB, Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a ghlacadh. Coinneoidh an Coimisiún na gníomhartha sin cothrom le dáta, chun athruithe ar an ainmníocht sin agus ar na hiontrálacha a liostaítear sna hIarscríbhinní sin a léiriú, agus chun aon chód nua a bhaineann le dramhaíl sa Chóras Ainmníochta Comhchuibhithe a áireamh a d’fhéadfadh an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(2). Fanfaidh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1245 (
14
) ón gCoimisiún i bhfeidhm go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún an cumhachtú dá dtagraítear san Airteagal atá ann cheana a fheidhmiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|