Tugtar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tábla comhghaoil idir cóid na hainmníochta comhcheangailte, dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 agus na hiontrálacha dramhaíola a liostaítear in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIA, Iarscríbhinn IIIB, Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a ghlacadh. Coinneoidh an Coimisiún na gníomhartha sin cothrom le dáta, chun athruithe ar an ainmníocht sin agus ar na hiontrálacha a liostaítear sna hIarscríbhinní sin a léiriú, agus chun aon chód nua a bhaineann le dramhaíl sa Chóras Ainmníochta Comhchuibhithe a áireamh a d’fhéadfadh an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(2). Fanfaidh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1245 (
14
) ón gCoimisiún i bhfeidhm go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún an cumhachtú dá dtagraítear san Airteagal atá ann cheana a fheidhmiú.