+Airteagal 63 Pionóis
---+Airteagal 63 1.
---+Airteagal 63 2.
---+Airteagal 63 3.
---+Airteagal 63 4.

Airteagal 63 Pionóis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 63 1.
Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Airteagal 63 2.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird chuí leis na pionóis a bhunófar de bhun an Airteagail seo ar an nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a) 

cineál, tromchúis agus méid an tsáraithe;

(b) 

i gcás inarb iomchuí, cineál intinniúil nó faillíoch an tsáraithe;

(c) 

acmhainneacht airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;

(d) 

na sochair eacnamaíocha a bhaineann an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá freagrach as an sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(e) 

an damáiste don chomhshaol arb é an sárú is chúis leis;

(f) 

aon ghníomh arna dhéanamh ag an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá freagrach chun an damáiste a dhéantar a mhaolú nó a leigheas;

(g) 

cineál athdhéanta nó aonair an tsáraithe;

(h) 

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis.

Airteagal 63 3.

Beidh sé de chumas ar na Ballstáit na pionóis seo a leanas, ar a laghad, a fhorchur i gcás sáruithe ar an Rialachán seo, i gcás inarb ábhartha:

(a) 

fíneálacha;

(b) 

an t-údarú chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú agus loingsiú dramhaíola a chúlghairm nó a chur ar fionraí ar feadh tréimhse atá teoranta ó thaobh ama de a mhéid a thagann na gníomhaíochtaí sin faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(c) 

eisiamh atá teoranta ó thaobh ama de ó nósanna imeachta soláthair phoiblí.

Airteagal 63 4.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus faoi aon leasú ina dhiaidh a dhéanfaidh difear dóibh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas