+Airteagal 65 Comhar forfheidhmiúcháin idir na Ballstáit
---+Airteagal 65 1.
---+Airteagal 65 2.
---+Airteagal 65 3.
|
Airteagal 65 Comhar forfheidhmiúcháin idir na Ballstáit
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 65 1.
|
Comhoibreoidh na Ballstáit, ar bhonn déthaobhach agus iltaobhach, i gcomhar le chéile chun éascú a dhéanamh ar loingsithe neamhdhleathacha a chosc agus a bhrath. Malartóidh siad faisnéis ábhartha a bhaineann leis an gcosc agus leis an mbrath sin, lena n-áirítear faoi loingsithe dramhaíola, sruthanna dramhaíola, oibreoirí agus saoráidí, agus roinnfidh siad taithí agus eolas faoi bhearta forfheidhmiúcháin, lena n-áirítear an measúnú riosca a dhéantar de bhun Airteagal 62(1), laistigh de struchtúir bhunaithe, go háirithe, tríd an ngrúpa forfheidhmiúcháin um loingsiú dramhaíola arna bhunú faoi Airteagal 66.
|
|
Airteagal 65 2.
|
Sainaithneoidh na Ballstáit an t-údarás nó na húdaráis agus comhaltaí a mbuanfhoirne atá freagrach as an gcomhar dá dtagraítear i mír 1 agus sainaithneoidh siad freisin údarás nó údaráis agus comhaltaí freagracha a mbuanfhoirne mar na pointí fócasacha le haghaidh na seiceálacha fisiceacha dá dtagraítear in Airteagal 61(1). Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis sin a sheoladh chuig an gCoimisiún a thiomsóidh an fhaisnéis sin agus chuirfidh ar fáil í do na húdaráis shainaitheanta agus do chomhaltaí a mbuanfhoirne.
|
|
Airteagal 65 3.
|
Arna iarraidh sin d’údarás i mBallstát eile, féadfaidh údarás Ballstáit gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a ghlacadh i gcoinne daoine atá sa Bhallstát sin a bhfuil amhras ann fúthu go bhfuil siad ag gabháil do loingsiú neamhdhleathach dramhaíola.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|