+Airteagal 68 Cigireachtaí arna ndéanamh ag an Coimisiún
---+Airteagal 68 1.
---+Airteagal 68 2.
---+Airteagal 68 3.
---+Airteagal 68 4.
---+Airteagal 68 5.
---+Airteagal 68 6.
---+Airteagal 68 7.
---+Airteagal 68 8.
---+Airteagal 68 9.

Airteagal 68 Cigireachtaí arna ndéanamh ag an Coimisiún

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 68 1.
Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 67, cigireachtaí a dhéanamh ar loingsithe de bhun Airteagal 60(1) agus (2) den Rialachán seo.
Airteagal 68 2.
Ní dhéanfaidh an Coimisiún cigireacht ach amháin i gcás ina bhfuil dóthain amhrais ann i dtaobh loingsiú neamhdhleathach dramhaíola.
Airteagal 68 3.
Ullmhóidh agus déanfaidh an Coimisiún cigireachtaí i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann. Áireofar ar an gcomhar sin an malartú faisnéise agus an malartú tuairimí maidir le pleanáil na gcigireachtaí agus na bearta a dhéanfar. Cuirfidh an Coimisiún i gcuntas aon chigireachtaí, ionchúiseamh leanúnach, imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin arna ndéanamh ag údaráis riaracháin nó bhreithiúnacha Ballstáit.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra 15 lá roimh ré faoi aidhm, cuspóir agus bunús dlí cigireachtaí don bhuanfhoireann atá freagrach as comhar nó na pointí fócasacha dá dtagraítear in Airteagal 65(2) sa Bhallstát lena mbaineann ar ina chríoch a dhéanfar an chigireacht, chun go mbeidh na húdaráis ábhartha sin ábalta an cúnamh is gá a sholáthar. Chuige sin, tabharfar deis d’oifigigh údarás ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann a bheith rannpháirteach sna cigireachtaí. I gcásanna práinneacha, mura féidir an fógra 15 lá a urramú, tabharfaidh an Coimisiún fógra a luaithe agus a bheidh sé indéanta.

Ina theannta sin, arna iarraidh sin do na húdaráis ábhartha na mBallstáit lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún agus údaráis inniúla an Bhallstáit sin na cigireachtaí go comhpháirteach.

Airteagal 68 4.
Déanfaidh an fhoireann agus na daoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta.
Airteagal 68 5.

Tabharfar de chumhacht d’fhoireann an Choimisiúin a sheolfaidh an chigireacht an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

rochtain a bheith acu ar aon áitreabh, talamh agus modh iompair an fhógróra, an duine a shocraíonn an loingsiú, tháirgeoir na dramhaíola, shealbhóir na dramhaíola, an iompróra, an choinsíní nó na saoráide a fhaigheann an dramhaíl;

(b) 

scrúdú a dhéanamh ar aon doiciméad ábhartha a bhaineann le hábhar agus cuspóir na gcigireachtaí, gan beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte, agus cóipeanna nó sleachta as na doiciméid sin a dhéanamh nó a fháil in aon fhoirm;

(c) 

a iarraidh ar an bhfógróir, an duine a shocraíonn an loingsiú, táirgeoir na dramhaíola, sealbhóir na dramhaíola, an t-iompróir, an coinsíní nó an tsaoráid a fhaigheann an dramhaíl mínithe a thabhairt maidir le fíorais nó doiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na gcigireachtaí agus na freagraí a thaifeadadh;

(d) 

ráitis ón bhfógróir, ón duine a shocraíonn an loingsiú, ó tháirgeoir na dramhaíola, ó shealbhóir na dramhaíola, ón iompróir, ón gcoinsíní nó ón tsaoráid a fhaigheann an dramhaíl a bhaineann le hábhar agus cuspóir na gcigireachtaí a ghlacadh agus a thaifeadadh;

(e) 

an dramhaíl a sheiceáil go fisiceach agus samplaí den dramhaíl a thógáil le haghaidh tástálacha saotharlainne, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 68 6.
Maidir leis an bhfógróir, an duine a shocraíonn an loingsiú, táirgeoir na dramhaíola, sealbhóir na dramhaíola, iompróir na dramhaíola, an coinsíní agus an tsaoráid a fhaigheann an dramhaíl, oibreoidh siad i gcomhar leis an gCoimisiún le linn a chigireachtaí.
Airteagal 68 7.
Déanfaidh údaráis na mBallstát a bhfuil baint acu le cigireachtaí ar na loingsithe dramhaíola ar ina gcríoch a dhéanfaidh an Coimisiún an chigireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, an cúnamh is gá a thabhairt d’fhoireann an Choimisiúin.
Airteagal 68 8.
Tá sé de cheangal ar an bhfógróir, ar an duine a shocraíonn an loingsiú, ar tháirgeoir na dramhaíola, ar shealbhóir na dramhaíola, ar iompróir na dramhaíola, ar an gcoinsíní agus ar an tsaoráid a fhaigheann an dramhaíl iad féin a chur faoi bhráid chigireachtaí an Choimisiúin.
Airteagal 68 9.
I gcás ina bhfionnann an Coimisiún go bhfuil an fógróir, an duine a shocraíonn an loingsiú, táirgeoir na dramhaíola, sealbhóir na dramhaíola, iompróir na dramhaíola, an coinsíní nó an tsaoráid a fhaigheann an dramhaíl ag cur i gcoinne cigireachta, tabharfaidh údaráis ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann, an cúnamh is gá don Choimisiún, lena n-iarrfar i gcás inarb iomchuí, cúnamh ó na húdaráis forfheidhmiúcháin, chun go gcuirfear ar a chumas don Choimisiún a chigireacht a dhéanamh. Má bhíonn gá le húdarú ó údarás breithiúnach de réir an dlí náisiúnta chun an cúnamh sin a fháil, déanfar iarratas ar an údarú sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas