+Airteagal 70 Ráthaíochtaí nós imeachta
---+Airteagal 70 1.
---+Airteagal 70 2.
---+Airteagal 70 3.

Airteagal 70 Ráthaíochtaí nós imeachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 70 1.
Déanfaidh an Coimisiún cigireachtaí agus iarrfaidh sé faisnéis i gcomhréir le ráthaíochtaí nós imeachta an fhógróra, an duine a shocraíonn an loingsiú, tháirgeoir na dramhaíola, shealbhóir na dramhaíola, iompróir na dramhaíola, an choinsíní nó na saoráide a fhaigheann an dramhaíl a leagtar amach san Airteagal seo.
Airteagal 70 2.

Beidh an méid seo a leanas ag an bhfógróir, ag an duine a shocraíonn an loingsiú dramhaíola, ag táirgeoir na dramhaíola, ag sealbhóir na dramhaíola, ag iompróir na dramhaíola, ag an gcoinsíní nó ag an tsaoráid a fhaigheann an dramhaíl:

(a) 

an ceart gan ráitis fhéin-ionchoiritheacha a dhéanamh;

(b) 

an ceart chun cúnamh a fháil ó dhuine dá rogha féin;

(c) 

an ceart chun aon cheann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina ndéantar an chigireacht a úsáid;

(d) 

an ceart barúil a thabhairt ar fhíorais a bhaineann leo, a luaithe a bheidh an chigireacht críochnaithe agus sula nglacfar tuarascáil de bhun Airteagal 67(4). Beidh achoimre ar na fíorais a bhaineann leis an duine i dtrácht san áireamh sa chuireadh chun barúlacha a thabhairt agus léireofar inti teorainn ama leormhaith chun barúlacha a thíolacadh. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo i gcás inar gá chun rúndacht na cigireachta nó aon imscrúdaithe riaracháin nó choiriúil atá ar siúl nó a bheidh ar siúl ag údarás náisiúnta amach anseo a chaomhnú, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an cuireadh chun barúlacha a thabhairt a chur siar;

(e) 

an ceart chun cóip de thaifead an agallaimh a fháil agus é a fhormheas nó barúlacha a chur leis;

(f) 

i gcás moltaí breithiúnacha a bheith déanta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 67(4), agus gan dochar do chearta rúndachta sceithirí agus brathadóirí, agus i gcomhréir leis na rialacha rúndachta agus cosanta sonraí is infheidhme, féadfaidh an duine i dtrácht a iarraidh ar an gCoimisiún an tuarascáil arna tarraingt suas faoi Airteagal 67(4) a sholáthar a mhéid a bhaineann sí leis an duine sin. Ní thabharfaidh an Coimisiún rochtain ach amháin le toiliú sainráite fhaighteoirí uile na tuarascála.

Lorgóidh an Coimisiún fianaise ar son agus i gcoinne an fhógróra, an duine a shocraíonn an loingsiú, tháirgeoir na dramhaíola, shealbhóir na dramhaíola, iompróir na dramhaíola, an choinsíní nó na saoráide a fhaigheann an dramhaíl, agus déanfaidh sé cigireachtaí agus iarrfaidh sé faisnéis go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta agus i gcomhréir le prionsabal thoimhde na neamhchiontachta.

Airteagal 70 3.
Áiritheoidh an Coimisiún rúndacht na gcigireachtaí, an agallaimh agus na hiarrata a dhéanfar de bhun na roinne seo. Beidh an fhaisnéis a tharchuirtear nó a fhaightear le linn na gcigireachtaí, an agallaimh agus na n-iarrataí de bhun na roinne seo faoi réir rialacha cosanta sonraí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas