|
+Airteagal 70 2. |
Airteagal 70 2.Beidh an méid seo a leanas ag an bhfógróir, ag an duine a shocraíonn an loingsiú dramhaíola, ag táirgeoir na dramhaíola, ag sealbhóir na dramhaíola, ag iompróir na dramhaíola, ag an gcoinsíní nó ag an tsaoráid a fhaigheann an dramhaíl:
(a)
an ceart gan ráitis fhéin-ionchoiritheacha a dhéanamh;
(b)
an ceart chun cúnamh a fháil ó dhuine dá rogha féin;
(c)
an ceart chun aon cheann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina ndéantar an chigireacht a úsáid;
(d)
an ceart barúil a thabhairt ar fhíorais a bhaineann leo, a luaithe a bheidh an chigireacht críochnaithe agus sula nglacfar tuarascáil de bhun Airteagal 67(4). Beidh achoimre ar na fíorais a bhaineann leis an duine i dtrácht san áireamh sa chuireadh chun barúlacha a thabhairt agus léireofar inti teorainn ama leormhaith chun barúlacha a thíolacadh. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo i gcás inar gá chun rúndacht na cigireachta nó aon imscrúdaithe riaracháin nó choiriúil atá ar siúl nó a bheidh ar siúl ag údarás náisiúnta amach anseo a chaomhnú, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an cuireadh chun barúlacha a thabhairt a chur siar;
(e)
an ceart chun cóip de thaifead an agallaimh a fháil agus é a fhormheas nó barúlacha a chur leis;
(f)
i gcás moltaí breithiúnacha a bheith déanta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 67(4), agus gan dochar do chearta rúndachta sceithirí agus brathadóirí, agus i gcomhréir leis na rialacha rúndachta agus cosanta sonraí is infheidhme, féadfaidh an duine i dtrácht a iarraidh ar an gCoimisiún an tuarascáil arna tarraingt suas faoi Airteagal 67(4) a sholáthar a mhéid a bhaineann sí leis an duine sin. Ní thabharfaidh an Coimisiún rochtain ach amháin le toiliú sainráite fhaighteoirí uile na tuarascála. Lorgóidh an Coimisiún fianaise ar son agus i gcoinne an fhógróra, an duine a shocraíonn an loingsiú, tháirgeoir na dramhaíola, shealbhóir na dramhaíola, iompróir na dramhaíola, an choinsíní nó na saoráide a fhaigheann an dramhaíl, agus déanfaidh sé cigireachtaí agus iarrfaidh sé faisnéis go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta agus i gcomhréir le prionsabal thoimhde na neamhchiontachta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|