+Airteagal 79 Leasú ar Iarscríbhinní I go X agus XII
---+Airteagal 79 1.
---+Airteagal 79 2.
---+Airteagal 79 3.
---+Airteagal 79 4.
---+Airteagal 79 5.
---+Airteagal 79 6.
---+Airteagal 79 7.
---+Airteagal 79 8.

Airteagal 79 Leasú ar Iarscríbhinní I go X agus XII

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 79 1.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun Iarscríbhinní IA, IB, IC, II, III, IIIA, IIIB, IV, V, VI agus VII a leasú chun na hathruithe a chomhaontaítear faoi Choinbhinsiún Basel agus faoi Chinneadh ECFE a chur i gcuntas.
Airteagal 79 2.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun Iarscríbhinn IC a leasú chun í a oiriúnú do chur chun feidhme Airteagal 27, tar éis an 21 Bealtaine 2026.
Airteagal 79 3.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun Iarscríbhinn IIIA a leasú, chun, tar éis do Bhallstát iarraidh a thíolacadh nó ar a thionscnamh féin, meascáin de dhá chineál dramhaíola nó níos mó ná sin a liostaítear in Iarscríbhinn III a áireamh san Iarscríbhinn sin, ar choinníoll nach ndéanfaidh comhdhéanamh na meascán de dhramhaíolacha sin dochar dá n-aisghabháil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus, i gcás ina léirítear go ndéanfar an meascán de dhramhaíolacha atá i gceist a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol laistigh den Aontas agus a fhoráil nach mbeidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó ná sin de na hiontrálacha in Iarscríbhinn IIIA ach amháin i gcás loingsithe idir na Ballstáit a léirítear ina leith go meastar nach ndéanfar an meascán de dhramhaíolacha atá i gceist a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i dtíortha a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE ina leith.
Airteagal 79 4.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun Iarscríbhinn IIIB a leasú, chun, tar éis do Bhallstát iarraidh a thíolacadh nó ar a thionscnamh féin, dramhaíolacha neamhghuaiseacha nach liostaítear in Iarscríbhinn III, in Iarscríbhinn IV ná in Iarscríbhinn V a áireamh san Iarscríbhinn sin, i gcás ina léirítear go ndéanfar an dramhaíl atá i gceist a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol laistigh den Aontas.
Airteagal 79 5.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun Iarscríbhinn VIII a leasú a mhéid a bhaineann le foirm agus ábhar na faisnéise dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin, bunaithe ar thaithí a fuarthas le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo agus chun nuashonrú a dhéanamh ar an bhfoirm agus ar an bhfaisnéis san Iarscríbhinn sin maidir le reachtaíocht an Aontais agus treoir idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ar bhonn forbairtí sna fóraim ábhartha idirnáisiúnta nó ar leibhéal an Aontais agus chun dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur i gcuntas.
Airteagal 79 6.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun Iarscríbhinn IX a leasú, chun na liostaí de reachtaíocht an Aontais agus de threoir idirnáisiúnta a thabhairt cothrom le dáta a mhéid a bhaineann le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ar bhonn forbairtí ar leibhéal an Aontais nó sna fóraim ábhartha idirnáisiúnta.
Airteagal 79 7.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun Iarscríbhinn X a leasú a mhéid a bhaineann leis na critéir atá san Iarscríbhinn sin, bunaithe ar an taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo agus chun an fhaisnéis atá san Iarscríbhinn sin maidir le reachtaíocht an Aontais agus treoir idirnáisiúnta a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn forbairtí sna fóraim ábhartha idirnáisiúnta nó ar leibhéal an Aontais maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus chun dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur i gcuntas.
Airteagal 79 8.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun Iarscríbhinn XII a leasú a mhéid a bhaineann leis na critéir atá san Iarscríbhinn sin, bunaithe ar thaithí a fuarthas le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas