|
+IARSCRÍBHINN II FAISNÉIS AGUS DOICIMÉADACHT A BHAINEANN LEIS AN bhFÓGRA |
IARSCRÍBHINN II FAISNÉIS AGUS DOICIMÉADACHT A BHAINEANN LEIS AN bhFÓGRA
IARSCRÍBHINN II FAISNÉIS AGUS DOICIMÉADACHT A BHAINEANN LEIS AN bhFÓGRA Cuid 1: Faisnéis atá le soláthar nuair a chuirtear an doiciméad fógartha isteach:
1.
Sraithuimhir nó aitheantóir inghlactha eile den doiciméad fógartha agus an líon iomlán loingsithe atá beartaithe. I gcás ina bhfuair an fógróir toiliú nó toilithe roimhe seo maidir le loingsiú na gcineálacha céanna dramhaíola chuig an tsaoráid chéanna, féadfar tagairt a dhéanamh don tsraithuimhir nó d’aitheantóir inghlactha eile de dhoiciméad fógartha na loingsithe sin ar tugadh toiliú ina leith roimhe sin. Chun Airteagal 9(3) a chur i bhfeidhm, i gcás ina bhfuil toiliú nó toilithe faighte cheana ag an bhfógróir maidir le loingsiú na gcineálacha céanna dramhaíola ón suíomh céanna sa tír seolta chuig an gcoinsíní céanna agus chuig an tsaoráid chéanna agus trína bhfuil na tíortha idirthurais, más ann dóibh, mar an gcéanna, léireoidh an fógróir sraithuimhir nó aitheantóir inghlactha eile an doiciméid fógartha maidir leis na loingsithe sin ar tugadh toiliú ina leith roimhe sin. Ina theannta sin, léireofar san fhógra athruithe ar mhionsonraí fógra nua i gcomparáid leis an loingsiú sin ar tugadh toiliú ina leith roimhe sin.
2.
Ainm, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist, uimhir chláraithe an fhógróra agus an duine teagmhála.
3.
Murab é an fógróir an táirgeoir dramhaíola bunaidh nó táirgeoir nó bailitheoir na dramhaíola nua: Ainm, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist agus duine teagmhála tháirgeoir bunaidh na dramhaíola (táirgeoirí) nó tháirgeoir na dramhaíola (táirgeoirí) nó na mbailitheoirí nó na sealbhóirí dramhaíola nua.
4.
Ainm, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist agus duine teagmhála an déileálaí (déileálaithe) nó an bhróicéara (bróicéirí), i gcás inar údaraigh an fógróir é i gcomhréir le hAirteagal 3, pointe (6).
5.
Seoladh an tsuímh óna dtosaíonn an loingsiú, ainm an duine atá freagrach as an suíomh sin agus, murab ionann é agus na daoine dá dtagraítear i bpointí 2 go 4, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist agus duine teagmhála an duine atá freagrach as an suíomh sin.
6.
Ainm, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist, uimhir chlárúcháin, duine teagmhála, teicneolaíocht a úsáidtear agus stádas féideartha na saoráide aisghabhála nó diúscartha mar a tugadh toiliú ina leith roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 14. Má tá an dramhaíl beartaithe le haghaidh oibríocht eatramhach aisghabhála nó diúscartha, sonrófar faisnéis chomhfhreagrach maidir leis na saoráidí uile i gcás ina bhfuil oibríochtaí aisghabhála eatramhaí agus neamheatramhaí nó oibríochtaí diúscartha eatramhaí nó neamheatramhaí ina dhiaidh sin beartaithe. Soláthrófar fianaise ar chead na saoráide i gcomhréir le Caibidil IV de Threoir 2008/98/CE, nó má liostaítear an tsaoráid aisghabhála nó diúscartha in Iarscríbhinn I, Catagóir 5, a ghabhann le Treoir 2010/75/AE, ar fianaise í (e.g. dearbhú lena ndeimhnítear gur ann di) ar chead bailí a eisítear i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 5 den Treoir sin.
7.
Ainm, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist, uimhir chlárúcháin agus teagmhálaí an choinsíní.
8.
Ainm an iompróra atá beartaithe (iompróirí) agus/nó ainm, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist, uimhir chlárúcháin agus duine teagmhála a ghníomhaire (gníomhairí).
9.
An tír seolta agus an t-údarás inniúil ábhartha.
10.
Na tíortha idirthurais agus na húdaráis inniúla ábhartha.
11.
An tír cinn scríbe agus an t-údarás inniúil ábhartha.
12.
Fógra aonair nó fógra ginearálta. Más fógra ginearálta atá ann, an tréimhse bhailíochta a iarrtar.
13.
An dáta/na dátaí atá beartaithe chun tús a chur leis an loingsiú/na loingsithe.
14.
An modh iompair atá beartaithe.
15.
An ródú atá beartaithe agus an bealach atá beartaithe i gcás inar féidir lena n-áirítear roghanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann.
16.
Fianaise ar chlárú an iompróra/na n-iompróirí maidir le hiompar dramhaíola (e.g. dearbhú lena ndeimhnítear gur ann dó).
17.
Ainmniúchán na dramhaíola ar an liosta iomchuí, an fhoinse/na foinsí, tuairisc, comhdhéanamh agus aon saintréithe guaiseacha. I gcás dramhaíl ó fhoinsí éagsúla, fardal mionsonraithe maidir leis an dramhaíl freisin.
18.
Na huaschainníochtaí agus na híoschainníochtaí measta.
19.
An cineál pacáistíochta atá beartaithe.
20.
Sonraí na hoibríochta/na n-oibríochtaí aisghabhála nó diúscartha dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2008/98/CE.
21.
Más dramhaíl atá beartaithe lena haisghabháil atá i gceist:
(a)
an modh diúscartha atá beartaithe le haghaidh an chodáin neamh-in-aisghabhála tar éis aisghabhála;
(b)
cainníocht an ábhair aisghafa i ndáil le dramhaíl neamh-in-aisghabhála;
(c)
luach measta an ábhair aisghafa;
(d)
costas na haisghabhála agus costas diúscartha an chodáin neamh-in-aisghabhála.
22.
Má tá an dramhaíl beartaithe lena diúscairt, fianaise lena léirítear go bhfuil na coinníollacha in Airteagal 11(1)(a) á gcomhlíonadh.
23.
Cóip den chonradh agus dearbhú lena ndeimhnítear gur ann dó idir an fógróir, an coinsíní agus oibreoir na saoráide ina ndéantar an dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt, a tugadh i gcrích agus atá éifeachtach tráth an fhógra, mar a cheanglaítear in Airteagal 5(7) agus in Airteagal 6.
24.
Cóip den chonradh agus dearbhú lena ndeimhnítear gur ann dó idir táirgeoir na dramhaíola, an táirgeoir dramhaíola nua nó an bailitheoir nua agus an bróicéir nó an déileálaí, i gcás ina ngníomhaíonn an bróicéir nó an déileálaí mar fhógróir.
25.
Fianaise ar ráthaíocht airgeadais nó ar árachas coibhéiseach (nó dearbhú lena ndeimhnítear gur ann dó má cheadaíonn an t-údarás inniúil amhlaidh) atá bunaithe agus éifeachtach tráth an fhógra nó, má cheadaíonn an t-údarás inniúil a fhormheasann an ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach amhlaidh, ar a dhéanaí tráth a gcomhlánófar an doiciméad gluaiseachta de bhun Airteagal 16(2), mar a cheanglaítear in Airteagal 5(8) agus in Airteagal 7.
26.
Deimhniú ón bhfógróir nár ciontaíodh an fógróir as loingsiú neamhdhleathach nó aon ghníomh neamhdhleathach eile a dhéanamh i ndáil le cosaint an chomhshaoil nó chosaint shláinte an duine, agus nár mhainnigh sé arís agus arís eile Airteagail 15 ná 16 a chomhlíonadh i dtaca le loingsithe roimhe seo, sna 5 bliana roimh thíolacadh an fhógra.
27.
Deimhniú ón bhfógróir go bhfuil an fhaisnéis iomlán agus ceart chomh fada agus is eol dó nó di. Cuid 2: Faisnéis atá le soláthar sa doiciméad gluaiseachta nó atá le cur i gceangal leis: An fhaisnéis uile a liostaítear i gCuid 1, a nuashonraítear i gcomhréir leis na pointí a leagtar amach thíos, agus an fhaisnéis bhreise eile a shonraítear a sholáthar:
1.
Sraithuimhir agus an líon iomlán loingsithe.
2.
An dáta a cuireadh tús leis an loingsiú.
3.
An modh iompair.
4.
Ainm, seoladh, uimhir theileafóin, uimhir facs agus seoladh ríomhphoist an iompróra (iompróirí).
5.
An ródú agus bealach i gcás inar féidir, lena n-áirítear roghanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann, mar a léirítear sa doiciméad fógartha, i gcás imthosca gan choinne.
6.
Cainníochtaí.
7.
An cineál pacáistíochta.
8.
Uimhir aitheantais an choimeádáin, más infheidhme
9.
Aon réamhchúraimí speisialta atá le déanamh ag an iompróir/na hiompróirí.
10.
Dearbhú arna shíniú ag an bhfógróir go bhfuarthas gach toiliú is gá ó údaráis inniúla na dtíortha lena mbaineann.
11.
Sínithe iomchuí le haghaidh gach aistrithe coimeádta. Cuid 3: Faisnéis agus doiciméadacht bhreise a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a iarraidh:
1.
Cineál agus fad tréimhse an údaraithe a oibríonn an tsaoráid aisghabhála nó diúscartha.
2.
Cóip den chead a eisíodh i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 5 de Threoir 2010/75/AE.
3.
Faisnéis a bhaineann leis na bearta atá le déanamh chun sábháilteacht an iompair a áirithiú.
4.
An t-achar nó na hachair iompair idir an suíomh ina dtosaíonn an loingsiú agus an tsaoráid, lena n-áirítear bealaí malartacha.
5.
I gcás iompar idirmhódúil, an áit/na háiteanna ina ndéanfar an t-aistriú.
6.
Faisnéis faoi chostais iompair dramhaíola idir an fógróir agus an tsaoráid.
7.
Cóip de chlárú an iompróra/na n-iompróirí maidir le hiompar dramhaíola.
8.
Anailís cheimiceach ar chomhdhéanamh na dramhaíola.
9.
Tuairisc ar phróiseas táirgthe na dramhaíola.
10.
Tuairisc ar phróiseas cóireála na saoráide, a fhaigheann an dramhaíl.
11.
An ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach nó cóip de nó fianaise air.
12.
Faisnéis a bhaineann le ríomh na ráthaíochta airgeadais nó an árachais choibhéisigh mar a cheanglaítear in Airteagal 5(8) agus in Airteagal 7.
13.
Cóip nó fianaise den pholasaí árachais in aghaidh dliteanais i gcás damáiste do thríú páirtithe.
14.
Doiciméadacht lena ndeimhnítear nár ciontaíodh an fógróir as loingsiú neamhdhleathach nó as aon ghníomh neamhdhleathach eile a dhéanamh i ndáil le cosaint an chomhshaoil nó cosaint shláinte an duine, agus nár mhainnigh sé arís agus arís eile Airteagail 15 ná 16 a chomhlíonadh i dtaca le loingsithe roimhe seo, sna 5 bliana roimh thíolacadh an fhógra.
15.
Aon fhaisnéis eile, atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an bhfógra i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an reachtaíocht náisiúnta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|