+IARSCRÍBHINN IIIB DRAMHAÍL BHREISE ATÁ AR AN LIOSTA GLAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(4)(a)

IARSCRÍBHINN IIIB DRAMHAÍL BHREISE ATÁ AR AN LIOSTA GLAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(4)(a)




IARSCRÍBHINN IIIB

DRAMHAÍL BHREISE ATÁ AR AN LIOSTA GLAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(4)(a)

1. Gan beann ar cé acu a áirítear dramhaíolacha leis an liosta sin nó nach n-áirítear, d’fhéadfadh sé nach mbeidís faoi réir na gceanglas ginearálta faisnéise a leagtar síos in Airteagal 18 má éillítear chomh mór sin le hábhair eile iad go bhfuil na nithe seo a leanas i gceist:

(a) 

go méadaítear na rioscaí a bhaineann leis na dramhaíolacha go leordhóthanach chun go mbeidís iomchuí lena gcur faoi bhráid an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn, agus an liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE chomh maith leis na hairíonna guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin á gcur i gcuntas; nó

(b) 

go gcuirtear cosc ar aisghabháil na ndramhaíolacha ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

2. Áirítear na dramhaíolacha seo a leanas leis an Iarscríbhinn seo:

BEU04

Pacáistíocht ilchodach atá comhdhéanta de pháipéar den chuid is mó agus roinnt plaistigh, ach nach bhfuil iarmhair inti agus nach gcumhdaítear le hiontráil Basel B3020

BEU05

Dramhaíl ghlan in-bhithdhíghrádaithe ón talmhaíocht, an ghairneoireacht, an fhoraoiseacht, gairdíní, páirceanna agus reiligí

3. Tá na loingsithe dramhaíola a liostaítear san Iarscríbhinn seo gan dochar d’fhorálacha Rialachán (AE) 2016/2031.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas