+IARSCRÍBHINN IX POINTÍ TAGARTHA MAIDIR LEIS AN MEASÚNÚ ARNA DHÉANAMH AG AN gCOIMISIÚN DE BHUN AIRTEAGAL 43(1)

IARSCRÍBHINN IX POINTÍ TAGARTHA MAIDIR LEIS AN MEASÚNÚ ARNA DHÉANAMH AG AN gCOIMISIÚN DE BHUN AIRTEAGAL 43(1)




IARSCRÍBHINN IX

POINTÍ TAGARTHA MAIDIR LEIS AN MEASÚNÚ ARNA DHÉANAMH AG AN gCOIMISIÚN DE BHUN AIRTEAGAL 43(1)

Cuid 1

Reachtaíocht an Aontais atá ceaptha chun bainistiú dramhaíola neamhdhíobhálach don chomhshaol a áirithiú

1. Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (an Treoir Réime Dramhaíola).

2. Sa bhreis ar an Treoir Réime Dramhaíola, tá na píosaí reachtaíochta seo a leanas de chuid an Aontais, lena leagtar amach ceanglais maidir le hoibríochtaí cóireála dramhaíola, ábhartha chun bainistiú dramhaíola atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a áirithiú:

(a) 

Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl ( 53 ),

(b) 

Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha.

3. Tá na píosaí reachtaíochta seo a leanas de chuid an Aontais, ina leagtar amach ceanglais maidir le sruthanna sonracha dramhaíola, ábhartha freisin chun bainistiú dramhaíola atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a áirithiú:

(a) 

Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl ó phacáistiú;

(b) 

Treoir 96/59/CE ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 1996 maidir le diúscairt défheinilí polaclóirínithe agus trífheinilí polaclóirínithe;

(c) 

Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite;

(d) 

Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE;

(e) 

Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL);

(f) 

Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha.

Cuid 2

Treoraíocht idirnáisiúnta maidir le bainistiú dramhaíola atá neamhdhíobhálach don chomhshaol

1. Treoirlínte agus treoirdhoiciméid arna nglacadh faoi Choinbhinsiún Basel:

(a) 

Treoirlínte teicniúla maidir le dramhaíolacha guaiseacha agus dramhaíolacha eile a dhiúscairt atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i líonadh talún a ndearnadh innealtóireacht speisialta air (D5) ( 54 )

(b) 

Treoirlínte teicniúla maidir le dramhaíolacha guaiseacha agus dramhaíolacha eile a loscadh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, mar a chumhdaítear le hoibríochtaí diúscartha D10 agus R1 ( 55 )

(c) 

Treoirlínte teicniúla um athchúrsáil/athshlánú miotal agus cumasc miotail atá neamhdhíobhálach don chomhshaol (R4) ( 56 )

(d) 

Treoirlínte teicniúla maidir le dramhaíolacha bithleighis agus cúraim sláinte a bhainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol (Y1; Y3) ( 57 )

(e) 

Treoirlínte teicniúla maidir le ceallraí luaidhe aigéadacha dramhaíola a bhainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ( 58 )

(f) 

Treoirlínte teicniúla ginearálta maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar dhramhaíolacha atá comhdhéanta de thruailleáin orgánacha mharthanacha, nó ina bhfuil na truailleáin sin nó atá éillithe leo ( 59 )

(g) 

Treoirlínte teicniúla maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar dhramhaíolacha atá comhdhéanta d’eatán-1,1,1-tríchlóra-2,2-bis (4-clóraifeinil) (DDT), ina bhfuil eatán-1,1,1-tríchlóra-2,2-bis (4-clóraifeinil) (DDT) nó atá éillithe le heatán-1,1,1-tríchlóra-2,2-bis (4-clóraifeinil) (DDT) ( 60 )

(h) 

Treoirlínte teicniúla maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar dhramhaíl atá comhdhéanta de heicseabrómaiciogladóideacán (HBCD) ( 61 ), nó a bhfuil heicseabrómaiciogladóideacán inti nó atá éillithe leis

(i) 

Treoirlínte teicniúla maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar dhramhaíolacha atá comhdhéanta d’aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS), a shalainn agus fluairíd sulfóinile sárfhluarochtáin (PFOSF), d’aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus comhdhúile a bhaineann le PFOA, agus d’aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus comhdhúile a bhaineann le PFHxS, nó ar dhramhaíolacha ina bhfuil na nithe sin nó atá éillithe leo ( 62 )

(j) 

Treoirlínte teicniúla maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar dhramhaíl atá comhdhéanta de pheinteaclóraifeanól agus a shalainn agus a eistir (PCP), nó a bhfuil siad sin inti nó atá éillithe leo ( 63 )

(k) 

Treoirlínte teicniúla maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar dhramhaíolacha atá comhdhéanta de na lotnaidicídí aildrin, alfa-heicseaclóraicioglaioglaiheacsán, béite-heicseaclóraicioglaioglaiheacsán, clórdán, clóirdeacón, déchófól, dé-eildrin, eindrin, heipteaclór, heicseaclóraibeinséin, heicseaclórabútaidéin, liondán, miréis, peinteaclóraibeinséin, peinteaclóraifeanól agus a shalainn, aigéad sulfónach sárfhluarochtáin, a shalainn agus fluairíd sulfóinile sárfhluarochtáin, ionsulfán teicniúil agus na hisiméirí a bhaineann leis, nó tocsaiféin, nó de heicseaclóraibeinséin mar cheimiceán tionsclaíoch (lotnaidicídí POP), nó ar dhramhaíolacha ina bhfuil na nithe sin nó atá éillithe leo ( 64 )

(l) 

Treoirlínte teicniúla maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar dhramhaíolacha atá comhdhéanta de dhéfheinilí polaclóirínithe, trífheinilí polaclóirínithe, naftailéiní polaclóirínithe nó défheinilí polabróimínithe, lena n-áirítear heicseabrómeitiléin (PCBanna, PCTanna, PCNanna nó PBBanna, lena n-áirítear HBB), nó ar dhramhaíolacha ina bhfuil na nithe sin nó atá éillithe leo ( 65 )

(m) 

Treoirlínte teicniúla maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar dhramhaíolacha atá comhdhéanta d’éitear heicseabrómaidhéfheinile agus éitear heipteabrómaidhéfheinile, nó éitear teitreabrómaidhéfheinile agus éitear peinteabrómaidhéfheinile nó éitear deacabrómaidhéfheinile (POP-BDEnna), nó ar dhramhaíolacha a bhfuil siad sin iontu nó atá éillithe leo ( 66 )

(n) 

Treoirlínte teicniúla maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar dhramhaíolacha ina bhfuil débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe, débheinseafúráin pholaclóirínithe, heicseaclóraibeinséin, défheinilí polaclóirínithe, peinteaclóraibeinséin, naftailéiní polaclóirínithe nó heicseaclórabútaidhé-éine, nó ar dhramhaíolacha atá éillithe leo ( 67 )

(o) 

Treoirlínte teicniúla maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar dhramhaíolacha atá comhdhéanta de heicseaclórabútaidéin, nó a bhfuil heicseaclórabútaidéin iontu nó atá éillithe léi ( 68 )

(p) 

Treoirlínte teicniúla maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar dhramhaíolacha atá comhdhéanta de phairifíní clóirínithe gearrshlabhracha, nó a bhfuil siad sin iontu nó atá éillithe leo ( 69 )

(q) 

Treoirlínte teicniúla maidir le dramhaíolacha plaisteacha a bhainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ( 70 )

(r) 

Treoirlínte teicniúla maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar aerbhoinn chaite agus dramhaíola ( 71 )

(s) 

Treoirlínte teicniúla maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar dhramhaíolacha atá comhdhéanta de mhearcair nó de chomhdhúile mearcair, nó ar dhramhaíolacha ina bhfuil na nithe sin nó atá éillithe leo ( 72 )

(t) 

Treoirlínte teicniúla maidir le dramhaíolacha guaiseacha in áitheanna stroighne a chomhphróiseáil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ( 73 )

(u) 

Treoirdhoiciméad maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar threalamh ríomhaireachta atá úsáidte nó a bhfuil a ré caite ( 74 )

(v) 

Treoirdhoiciméad maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar fhóin phóca atá úsáidte nó a bhfuil a ré caite ( 75 )

(w) 

Creat maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar dhramhaíolacha guaiseacha agus dramhaíolacha eile ( 76 )

(x) 

Lámhleabhair phraiticiúla chun bainistiú dramhaíola atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn ( 77 )

2. Treoirlínte arna nglacadh ag ECFE:

(a) 

Treoraíocht theicniúil maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh ar shruthanna sonracha dramhaíola: Ríomhairí pearsanta úsáidte agus dramhaíola ( 78 )

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas