+Airteagal 1 Próifíl riosca fhoriomlán agus castacht
---+Airteagal 1 (a)
---+Airteagal 1 (b)
---+Airteagal 1 (c)
---+Airteagal 1 (d)
---+Airteagal 1 (e)
---+Airteagal 1 (f)
---+Airteagal 1 (g)
---+Airteagal 1 (h)
---+Airteagal 1 (i)
---+Airteagal 1 (j)

Airteagal 1 Próifíl riosca fhoriomlán agus castacht

Maidir leis an mbeartas maidir le húsáid seirbhísí TCF lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí (‘an beartas’), cuirfear san áireamh ann méid agus próifíl riosca fhoriomlán an eintitis airgeadais, cineál, scála agus eilimintí de chastacht mhéadaithe nó laghdaithe a sheirbhísí, a ghníomhaíochtaí agus a oibríochtaí, lena n-áirítear eilimintí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 (a)

an cineál seirbhísí TFC a áirítear sa socrú conarthach maidir le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí (an ‘socrú conarthach’) idir an t-eintiteas airgeadais agus an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí;

Airteagal 1 (b)

suíomh an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí nó suíomh a mháthairchuideachta;

Airteagal 1 (c)

cé acu i mBallstát nó i dtríú tír atá soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí a sholáthraíonn na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha suite, agus an suíomh óna soláthraítear na seirbhísí TFC, agus an suíomh ina bpróiseáiltear agus ina stóráiltear na sonraí, á chur san áireamh freisin;

Airteagal 1 (d)

cineál na sonraí a chomhroinntear le soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí;

Airteagal 1 (e)

cé acu atá nó nach bhfuil an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ina chuid den ghrúpa céanna leis an eintiteas airgeadais dá soláthraítear na seirbhísí;

Airteagal 1 (f)

úsáid soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí atá údaraithe, cláraithe nó faoi réir maoirseacht nó formhaoirseacht ag údarás inniúil i mBallstát nó atá faoi réir an chreata formhaoirseachta faoi Chaibidil V, Roinn II, de Rialachán (AE) 2022/2554, agus úsáid soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí nach bhfuil;

Airteagal 1 (g)

úsáid soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí atá údaraithe, cláraithe nó faoi réir maoirseacht nó formhaoirseacht ag údarás inniúil i dtríú tír, agus úsáid soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí nach bhfuil;

Airteagal 1 (h)

cé acu soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí amháin nó líon beag soláthraithe seirbhíse den sórt sin a bhfuil soláthar seirbhísí TFC, lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, comhdhlúite chuige;

Airteagal 1 (i)

inaistritheacht na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha chuig soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí eile, lena n-áirítear de thoradh sainiúlachtaí teicneolaíochta;

Airteagal 1 (j)

an tionchar, a d’fhéadfadh a bheith ag cur isteach ar sholáthar seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, ar leanúnachas ghníomhaíochtaí an eintitis airgeadais agus ar infhaighteacht a sheirbhísí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas