3. I gcás ina bhfuil údar cuí leis mar gheall ar a n-eagrúchán riaracháin agus de réir riosca, féadfaidh na Ballstáit tairseacha níos ísle a shocrú chun na feidhmeanna poiblí suntasacha seo a leanas a ainmniú:
|
a)
|
comhaltaí de chomhlachtaí rialaithe na bpáirtithe polaitiúla a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil, dá dtagraítear i mír 1, pointe (34)(a)(iii);
|
|
b)
|
cinn údarás réigiúnach agus áitiúil, dá dtagraítear i mír 1, pointe (34)(a)(viii).
|
Cuirfidh na Ballstáit na tairseacha níos ísle sin in iúl don Choimisiún.