2. Chun críocha mhír 1, déanfaidh na Ballstáit measúnú riosca ar na clubanna sacair ghairmiúil le measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
bagairtí agus leochaileachtaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, agus tosca maolaitheacha na gclubanna sacair ghairmiúil;
|
|
(b)
|
na rioscaí a bhaineann le méid agus cineál trasteorann na n-idirbheart;
|
Agus na measúnuithe riosca sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á gcur i gcrích, cuirfidh na Ballstáit san áireamh torthaí na measúnuithe riosca ar leibhéal an Aontais arna ndéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640.