1. Áiritheoidh máthairghnóthas go mbeidh feidhm ag na ceanglais i leith nósanna imeachta inmheánacha, measúnú riosca agus foirne dá dtagraítear i Roinn 1 den Chaibidil seo i ngach brainse agus fochuideachta den ghrúpa sna Ballstáit, agus i dtríú tíortha, i gcás grúpaí a bhfuil a gceannoifig lonnaithe san Aontas. Chuige sin, déanfaidh an máthairghnóthas measúnú riosca uileghrúpa, agus an measúnú riosca uileghnó a dhéanann gach brainse agus fochuideachta de chuid an ghrúpa á gcur san áireamh, agus déanfaidh siad beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa a bhunú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le cosaint sonraí agus maidir le comhroinnt faisnéise laistigh den ghrúpa chun críocha AML/CFT chun a áirithiú go bhfuil fostaithe laistigh den ghrúpa ar an eolas faoi na ceanglais a eascraíonn as an Rialachán seo. Cuirfidh na heintitis faoi oibleagáid laistigh den ghrúpa na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe uileghrúpa sin chun feidhme agus a sainiúlachtaí agus na rioscaí ar a bhfuil siad neamhchosanta á gcur san áireamh.
Áireofar na gnéithe uile a liostaítear in Airteagail 9 agus 10 faoi seach,, sna beartais, nósanna imeachta agus rialuithe uileghrúpa agus sna measúnuithe riosca uileghrúpa dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Chun críocha na chéad fhomhíre, i gcás ina bhfuil bunaíochtaí ag grúpa i níos mó ná Ballstát amháin agus, i gcás grúpaí a bhfuil a gceannoifig lonnaithe san Aontas, i dtríú tíortha, cuirfidh máthairghnóthais san áireamh an fhaisnéis arna foilsiú ag údaráis na mBallstát uile nó na dtríú tíortha ina bhfuil bunaíochtaí an ghrúpa lonnaithe.