3. Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh iad. Is sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a shonrófar an cineál beart breise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear an ghníomhaíocht íosta atá le glacadh ag eintitis faoi oibleagáid i gcás nach gceadaítear le dlí tríú tír na bearta is gá faoi Airteagal 16 a chur chun feidhme agus na gníomhaíochtaí maoirseachta breise is gá sna cásanna sin.