+Airteagal 17 Brainsí agus fochuideachtaí i dtríú tíortha
---+Airteagal 17 1
---+Airteagal 17 2
---+Airteagal 17 3
---+Airteagal 17 4
|
Airteagal 17 Brainsí agus fochuideachtaí i dtríú tíortha
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1
|
1. I gcás ina bhfuil brainsí nó fochuideachtaí de chuid eintitis faoi oibleagáid lonnaithe i dtríú tíortha nach mbíonn na ceanglais AML/CFT chomh dian céanna iontu ná na cinn a leagtar amach sa Rialachán seo, áiritheoidh an máthairgnóthas go gcomhlíonfaidh na brainsí nó fochuideachtaí sin na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear ceanglais maidir le cosaint sonraí nó a gcoibhéis.
|
|
Airteagal 17 2
|
2. I gcás nach gceadaítear de réir dhlí an tríú tír an Rialachán seo a chomhlíonadh, glacfaidh an máthairghnóthas bearta breise lena áirithiú go bpléann brainsí agus fochuideachtaí sa tríú tír sin go héifeachtach leis an riosca go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, agus cuirfidh sé maoirseoirí a Bhallstáit baile ar an eolas faoi na bearta breise sin. I gcás ina measann maoirseoirí an Bhallstáit baile nach leor iad na bearta breise, feidhmeoidh siad gníomhaíochtaí maoirseachta breise, lena n-áirítear a cheangal ar an ngrúpa gan dul i mbun aon ghaolmhaireacht gnó, cinn atá ann a fhoirceannadh nó gan idirbhearta a dhéanamh, nó a chuid oibríochtaí sa tríú tír a dhúnadh.
|
|
Airteagal 17 3
|
3. Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh iad. Is sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a shonrófar an cineál beart breise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear an ghníomhaíocht íosta atá le glacadh ag eintitis faoi oibleagáid i gcás nach gceadaítear le dlí tríú tír na bearta is gá faoi Airteagal 16 a chur chun feidhme agus na gníomhaíochtaí maoirseachta breise is gá sna cásanna sin.
|
|
Airteagal 17 4
|
4. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 49 go 52 de Rialachán (AE) 2024/1620.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|