2. Agus cúraimí faoin Airteagal seo á ndéanamh, measfar soláthraithe seirbhísí a bheith mar chuid den eintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear i gcás ina gceanglaítear orthu na cláir lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2024/1640 (‘cláir lárnacha’) a cheadú chun dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh thar ceann an eintitis faoi oibleagáid.
Leanfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid de bheith go hiomlán faoi dhliteanas as aon ghníomhaíocht, cibé acu gníomh nó neamhghnímh í, a bhaineann leis na cúraimí seachfhoinsithe a dhéanann soláthraithe seirbhísí.
Maidir le gach cúram seachfhoinsithe, beidh an t-eintiteas faoi oibleagáid in ann a léiriú don mhaoirseoir go dtuigeann sé an réasúnaíocht taobh thiar de na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an soláthraí seirbhíse agus an cur chuige a leantar ina gcur chun feidhme, agus go maolaíonn gníomhaíochtaí den sórt sin na rioscaí sonracha a bhfuil an t-eintiteas faoi oibleagáid neamhchosanta orthu.