+Airteagal 18 Seachfhoinsiú
---+Airteagal 18 1
---+Airteagal 18 2
---+Airteagal 18 3
---+Airteagal 18 4
---+Airteagal 18 5
---+Airteagal 18 6
---+Airteagal 18 7
---+Airteagal 18 8
|
Airteagal 18 Seachfhoinsiú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1
|
1. Féadfaidh eintitis faoi oibleagáid cúraimí a eascraíonn as ceanglais faoin Rialachán seo a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhíse. Tabharfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid fógra don mhaoirseoir faoin seachfhoinsiú sula dtosóidh an soláthraí seirbhíse ar an gcúraim a thabhairt i gcrích.
|
|
Airteagal 18 2
|
2. Agus cúraimí faoin Airteagal seo á ndéanamh, measfar soláthraithe seirbhísí a bheith mar chuid den eintiteas faoi oibleagáid, lena n-áirítear i gcás ina gceanglaítear orthu na cláir lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2024/1640 (‘cláir lárnacha’) a cheadú chun dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh thar ceann an eintitis faoi oibleagáid.
Leanfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid de bheith go hiomlán faoi dhliteanas as aon ghníomhaíocht, cibé acu gníomh nó neamhghnímh í, a bhaineann leis na cúraimí seachfhoinsithe a dhéanann soláthraithe seirbhísí.
Maidir le gach cúram seachfhoinsithe, beidh an t-eintiteas faoi oibleagáid in ann a léiriú don mhaoirseoir go dtuigeann sé an réasúnaíocht taobh thiar de na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an soláthraí seirbhíse agus an cur chuige a leantar ina gcur chun feidhme, agus go maolaíonn gníomhaíochtaí den sórt sin na rioscaí sonracha a bhfuil an t-eintiteas faoi oibleagáid neamhchosanta orthu.
|
|
Airteagal 18 3
|
3. Ní dhéanfar na cúraimí seachfhoinsithe de bhun mhír 1 den Airteagal seo ar bhealach a chuirfeadh isteach go hábhartha ar cháilíocht bheartais agus nósanna imeachta an eintitis faoi oibleagáid ceanglais an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2023/1113, ná ar cháilíocht na rialuithe atá i bhfeidhm chun na beartais agus na nósanna imeachta sin a chomhlíonadh. Ní dhéanfar na cúraimí seo a leanas a sheachfhoinsiú in aon chúinsí:
|
(a)
|
moladh agus formheas mheasúnú riosca uileghnó an eintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 10(2);
|
|
(b)
|
formheas bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 9;
|
|
(c)
|
cinneadh maidir leis an bpróifíl riosca atá le sannadh don chustaiméir;
|
|
(d)
|
an cinneadh gaolmhaireacht gnó a bheith aige nó idirbheart ócáideach a dhéanamh le cliant;
|
|
(e)
|
gníomhaíochtaí amhrasacha a thuairisciú do FIU de bhun Airteagal 69 nó tuarascálacha tairseachbhunaithe de bhun Airteagal 74 agus 80, ach amháin i gcás ina seachfhoinsítear na gníomhaíochtaí sin chuig eintiteas eile faoi oibleagáid a bhaineann leis an ngrúpa céanna agus atá bunaithe san aon Bhallstát amháin;
|
|
(f)
|
na critéir a fhormheas chun idirbhearta agus gníomhaíochtaí amhrasacha nó neamhghnácha a bhrath.
|
|
|
Airteagal 18 4
|
4. Sula ndéanfaidh eintiteas faoi oibleagáid cúram a sheachfhoinsiú de bhun mhír 1, áiritheoidh sé dó féin go bhfuil an soláthraí seirbhíse cáilithe go leordhóthanach chun na cúraimí a sheachfhoinseoidh sé a dhéanamh.
I gcás ina seachfhoinseoidh eintiteas faoi oibleagáid cúram de bhun mhír 1, áiritheoidh sé go gcuirfidh an soláthraí seirbhíse, agus aon soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe ina dhiaidh sin, i bhfeidhm na bearta agus na nósanna imeachta a ghlac an t-eintiteas faoi oibleagáid. Déanfar na coinníollacha maidir leis na cúraimí sin a fheidhmiú a leagan síos i gcomhaontú i scríbhinn idir an t-eintiteas faoi oibleagáid agus an soláthraí seirbhíse. Feidhmeoidh an t-eintiteas faoi oibleagáid rialuithe tráthrialta lena fháil amach an bhfuil beartais agus nósanna imeachta den sórt sin á gcur chun feidhme go héifeachtach ag an soláthraí seirbhíse. Cinnfear minicíocht na rialuithe sin ar bhonn chineál criticiúil na gcúraimí seachfhoinsithe.
|
|
Airteagal 18 5
|
5. Áiritheoidh eintitis faoi oibleagáid nach ndéanfar seachfhoinsiú ar bhealach a chuirfeadh isteach go hábhartha ar chumas na n-údarás maoirseachta faireachán agus rianú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2023/1113 ag an eintiteas faoi oibleagáid.
|
|
Airteagal 18 6
|
6. De mhaolú ar mhír 1, ní dhéanfaidh eintitis faoi oibleagáid cúraimí a eascraíonn as na ceanglais faoin Rialachán seo a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhíse a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i dtríú tíortha a shainaithnítear de bhun Roinn 2 de Chaibidil III, ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
is chuig soláthraí seirbhíse atá in aon ghrúpa leis a sheachfhoinsíonn an t-eintiteas faoi oibleagáid cúraimí;
|
|
(b)
|
cuireann an grúpa beartais agus nósanna imeachta AML/CFT, bearta díchill chuí do chustaiméirí agus rialacha maidir le coimeád taifead i bhfeidhm atá go hiomlán i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó le rialacha coibhéiseacha i dtríú tíortha;
|
|
(c)
|
déanann údarás maoirseachta an Bhallstáit baile maoirseacht ar leibhéal grúpa ar chur chun feidhme éifeachtach na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo i gcomhréir le Caibidil IV de Threoir (AE) 2024/1640.
|
|
|
Airteagal 18 7
|
7. De mhaolú ar mhír 3, i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach ag gnóthas comhinfheistíochta, nó nach bhfuil ach bord stiúrthóirí aige agus go bhfuil próiseáil na suibscríbhinní agus bailiú cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25),) de Threoir (AE) 2015/2366 tarmligthe aige ó infheisteoirí chuig eintiteas eile, féadfaidh sé an cúram dá dtagraítear i mír 3, pointí (c), (d) agus (e),) a sheachfhoinsiú chuig ceann dá sholáthraithe seirbhíse.
Ní fhéadfar an seachfhoinsiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh ach fógra a bheith tugtha ag an ngnóthas comhinfheistíochta go bhfuil sé ar intinn aige an cúram a sheachfhoinsiú chuig an maoirseoir de bhun mhír 1, agus tar éis don mhaoirseoir an seachfhoinsiú sin a fhormheas agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(a)
|
acmhainní, taithí agus eolas an tsoláthraí seirbhíse i ndáil le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc;
|
|
(b)
|
eolas an tsoláthraí seirbhíse ar an gcineál gníomhaíochtaí nó idirbheart a dhéanann an gnóthas comhinfheistíochta.
|
|
|
Airteagal 18 8
|
8. Faoin 10 Iúil 2027, eiseoidh AMLA treoirlínte d’eintitis faoi oibleagáid maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
bunú gaolmhaireachtaí seachfhoinsithe, lena n-áirítear aon ghaolmhaireacht seachfhoinsithe ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an Airteagal seo, a rialú agus a nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme feidhmeanna arna dhéanamh ag an soláthraí seirbhíse, agus go háirithe na feidhmeanna sin atá le meas mar fheidhmeanna criticiúla;
|
|
(b)
|
róil agus freagracht an eintitis faoi oibleagáid agus an tsoláthraí seirbhíse faoi chomhaontú seachfhoinsithe;
|
|
(c)
|
cineálacha cur chuige maoirseachta maidir le seachfhoinsiú chomh maith le hionchais mhaoirseachta maidir le seachfhoinsiú feidhmeanna criticiúla.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|