1. Tuairisceoidh eintitis faoi oibleagáid do na cláir lárnacha aon neamhréireachtaí a aimsíonn siad idir an fhaisnéis atá ar fáil sna cláir lárnacha agus an fhaisnéis a bhailíonn siad de bhun Airteagal 20(1), pointe (b), agus Airteagal 22(7).
Déanfar na neamhréireachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thuairisciú gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 14 lá féilire tar éis dóibh iad a bhrath. Nuair atá eintitis faoi oibleagáid ag tuairisciú neamhréireachtaí den sórt sin, cuirfidh siad ag gabháil lena dtuarascálacha an fhaisnéis a fuair siad lena léireofar an neamhréireacht agus cé acu a mheasann nó nach measann an t-eintiteas faoi oibleagáid gurb iad na húinéirí tairbhiúla iad agus, i gcás inarb infheidhme, na scairshealbhóirí ainmnitheacha agus na stiúrthóirí ainmnitheacha agus cén fáth.