+Airteagal 24 Neamhréireachtaí a thuairisciú maidir leis an bhfaisnéis atá i gcláir um úinéireacht thairbhiúil
---+Airteagal 24 1
---+Airteagal 24 2
---+Airteagal 24 3
---+Airteagal 24 4
|
Airteagal 24 Neamhréireachtaí a thuairisciú maidir leis an bhfaisnéis atá i gcláir um úinéireacht thairbhiúil
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24 1
|
1. Tuairisceoidh eintitis faoi oibleagáid do na cláir lárnacha aon neamhréireachtaí a aimsíonn siad idir an fhaisnéis atá ar fáil sna cláir lárnacha agus an fhaisnéis a bhailíonn siad de bhun Airteagal 20(1), pointe (b), agus Airteagal 22(7).
Déanfar na neamhréireachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thuairisciú gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 14 lá féilire tar éis dóibh iad a bhrath. Nuair atá eintitis faoi oibleagáid ag tuairisciú neamhréireachtaí den sórt sin, cuirfidh siad ag gabháil lena dtuarascálacha an fhaisnéis a fuair siad lena léireofar an neamhréireacht agus cé acu a mheasann nó nach measann an t-eintiteas faoi oibleagáid gurb iad na húinéirí tairbhiúla iad agus, i gcás inarb infheidhme, na scairshealbhóirí ainmnitheacha agus na stiúrthóirí ainmnitheacha agus cén fáth.
|
|
Airteagal 24 2
|
2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid staonadh ó neamhréireachtaí a thuairisciú don chlár lárnach agus ina ionad sin, féadfaidh siad faisnéis bhreise a iarraidh ar na custaiméirí i gcás ina sainaithnítear na neamhréireachtaí sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
tá na neamhréireachtaí teoranta d’earráidí cló, do bhealaí éagsúla traslitrithe, nó do mhionchruinnis nach ndéanann difear do shainaithint na n-úinéirí tairbhiúla nó a bpost; nó
|
|
(b)
|
tá siad mar thoradh ar shonraí atá as dáta, ach tá aithne ag an eintiteas faoi oibleagáid ar na húinéirí tairbhiúla trí fhoinse iontaofa eile agus níl aon fhoras amhrais ann go bhfuil rún ann aon fhaisnéis a cheilt, agus
|
I gcás ina gcinnfidh eintiteas faoi oibleagáid go bhfuil an fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil sa chlár lárnach mícheart, iarrfaidh sé ar an gcustaiméir an fhaisnéis cheart a chur isteach chuig an gclár lárnach de bhun Airteagail 63, 64 agus 67 gan moill mhíchuí, agus, in aon chás, laistigh de 14 lá féilire.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cásanna de riosca níos airde a bhfuil feidhm ag bearta faoi Roinn 4 den Chaibidil seo maidir leo.
|
|
Airteagal 24 3
|
3. I gcás nár chuir custaiméir an fhaisnéis cheart isteach laistigh den sprioc-am dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, tuairisceoidh an t-eintiteas faoi oibleagáid an neamhréireacht don chlár lárnach i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír.
|
|
Airteagal 24 4
|
4. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le nótairí, dlíodóirí, gairmithe dlí neamhspleácha eile, iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha agus comhairleoirí cánach i ndáil leis an bhfaisnéis a fhaigheann siad ó chliant le linn dóibh staid dhlíthiúil an chliaint sin a fhionnadh, nó le linn dóibh an cliant a chosaint nó ionadaíocht a dhéanamh air in imeachtaí breithiúnacha nó maidir le himeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear comhairle a chur air na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint, gan bean ar cibé acu an bhfaightear an fhaisnéis sin roimh na himeachtaí sin, lena linn nó ina ndiaidh.
Mar sin féin, beidh feidhm ag ceanglais an Airteagail seo nuair a thugann na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo comhairle dlí in aon cheann de na cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 21(2), an dara fomhír.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|