1. Déanfaidh gach Ballstát liosta a eisiúint agus a choimeád cothrom le dáta ina gcuirfear in iúl na feidhmeanna beachta a cháilíonn, de réir a dhlíthe náisiúnta, a rialachán náisiúnta agus a fhorálacha riaracháin náisiúnta, mar fheidhmeanna poiblí suntasacha chun críocha Airteagal 2(1), pointe (34)5. Iarrfaidh na Ballstáit ar gach eagraíocht idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar a gcríoch liosta feidhmeanna suntasacha ag an eagraíocht idirnáisiúnta sin a eisiúint agus a choimeád cothrom le dáta chun críocha Airteagal 2(1), pointe (3). Áireofar sna liostaí sin freisin aon fheidhm a fhéadfar a thabhairt d’ionadaithe tríú tíortha agus ionadaithe comhlachtaí idirnáisiúnta atá creidiúnaithe ar leibhéal an Bhallstáit. Tabharfaidh Ballstát fógra faoi na liostaí sin, chomh maith le haon athrú a dhéanfar orthu, don Choimisiún agus do AMLA.