7. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, agus faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil á soláthar acu i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo agus le hAirteagal 10 de Threoir (AE) 2024/1640, soláthróidh iontaobhaithe iontaobhas sainráite nó daoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socruithe dlíthiúla comhchosúla an méid seo a leanas:
|
(a)
|
ráiteas nach bhfuil aon úinéir tairbhiúil ann nó nárbh fhéidir na húinéirí tairbhiúla a chinneadh, agus réasúnú ag gabháil leis maidir leis an bhfáth nárbh fhéidir an t-úinéir tairbhiúil a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 51 go 57 den Airteagal seo agus cá bhfuil an éiginnteacht san fhaisnéis a fionnadh;
|
|
(b)
|
mionsonraí faoi gach duine nádúrtha a bhfuil post mar oifigeach bainistíochta sinsearach acu san eintiteas dlítheanach atá ina bpáirtí sa socrú dlíthiúil atá coibhéiseach leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 62(1), an dara fomhír, pointe (a)), den Rialachán seo.
|