2. Eintitis faoi oibleagáid a bhfuil sé ar intinn acu a bheith rannpháirteach i gcomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise, tabharfaidh siad fógra dá n-údaráis mhaoirseachta faoi seach, i gcás inarb ábhartha i gcomhairle le chéile agus leis na húdaráis atá i gceannas ar chomhlíonadh Rialachán (AE) 2016/679 a fhíorú, a fhíoróidh go bhfuil sásraí i bhfeidhm ag an gcomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise chun comhlíonadh an Airteagail seo a áirithiú agus go ndearnadh an measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá dtagraítear i mír 4, pointe (h). Déanfar an fíorú sula gcuirfear tús le gníomhaíochtaí na comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise. I gcás inarb ábhartha, rachaidh na húdaráis mhaoirseachta i gcomhairle leis na FIUnna freisin.
Fágfar an fhreagracht as comhlíonadh na gceanglas faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta faoi na rannpháirtithe sa chomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise.