7. I gcás, de bharr force majeure, nach mbeidh modhanna íocaíochta ó chistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366, seachas nótaí bainc agus boinn, ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm mhír 1 nó, i gcás inarb infheidhme, mhír 2 den Airteagal seo a chur ar fionraí go sealadach agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi gan mhoill. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas freisin faoi fhad ionchasach na tréimhse nach mbeidh fáil ar mhodhanna íocaíochta ó chistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 seachas nótaí bainc agus boinn agus faoi na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit chun iad a chur ar fáil arís.
I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise arna cur in iúl ag an mBallstát, nach bhfuil bonn cirt le cur i bhfeidhm mhír 1 nó, i gcás inarb infheidhme, mhír 2 a chur ar fionraí ar bhonn force majeure, glacfaidh sé cinneadh a bheidh dírithe ar an mBallstát sin ina n-iarrfar go gcuirfí deireadh láithreach le fionraí den sórt sin.