+Airteagal 80 Teorainneacha le íocaíochtaí móra in airgead tirim mar mhalairt ar earraí nó ar sheirbhísí
---+Airteagal 80 1
---+Airteagal 80 2
---+Airteagal 80 3
---+Airteagal 80 4
---+Airteagal 80 5
---+Airteagal 80 6
---+Airteagal 80 7

Airteagal 80 Teorainneacha le íocaíochtaí móra in airgead tirim mar mhalairt ar earraí nó ar sheirbhísí

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 80 1

1.   Féadfaidh daoine a thrádálann in earraí, nó a sholáthraíonn seirbhísí, íocaíocht in airgead tirim a dhéanamh nó a fháil chomh hard le EUR 10 000 nó méid coibhéiseach in airgeadra náisiúnta nó eachtrach, bíodh an t-idirbheart sin trí aon oibríocht amháin nó trí roinnt oibríochtaí a bhfuil an chuma orthu iad a bheith nasctha.

Airteagal 80 2

2.   Féadfaidh Ballstáit teorainneacha níos ísle a ghlacadh i ndiaidh chomhairliúchán an Bhainc Ceannais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Chinneadh 98/415/CE ón gComhairle (47). Tabharfar fógra faoi na teorainneacha níos ísle sin don Choimisiún laistigh de 3 mhí ón dáta a dtugtar an beart isteach ar an leibhéal náisiúnta.

Airteagal 80 3

3.   I gcás inar ann do theorainneacha ar an leibhéal náisiúnta atá faoi bhun na teorann a leagtar amach i mír 1 cheana féin, beidh feidhm fós acu. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na teorainneacha sin faoin 10 Deireadh Fómhair 2024.

Airteagal 80 4

4.   Ní bheidh feidhm ag an teorainn dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

íocaíochtaí idir daoine nádúrtha nach bhfuil ag gníomhú i gcáil ghairmiúil;

(b)

íocaíochtaí nó taiscí a dhéantar ag áitribh institiúidí creidmheasa, eisitheoirí ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Threoir 2009/110/CE agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Threoir (AE) 2015/2366.

Déanfar íocaíochtaí nó taiscí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), atá os cionn na teorann a thuairisciú don FIU laistigh de na sprioc-amanna arna bhforchur ag an FIU.

Airteagal 80 5

5.   Áiritheoidh Ballstáit go nglacfar bearta iomchuí, lena n-áirítear forchur pionós, in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha a ghníomhaíonn ina gcáil ghairmiúil i gcás ina mbeifear in amhras faoi shárú ar an teorainn a leagtar amach i mír 1, nó ar theorainn níos ísle arna glacadh ag na Ballstáit.

Airteagal 80 6

6.   Déanfar leibhéal foriomlán na bpionós a ríomh, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta, ar bhealach a thabharfaidh torthaí a bheidh comhréireach le tromchúis an tsáraithe, agus dá bharr sin a dhíspreagfaidh cionta eile den chineál céanna.

Airteagal 80 7

7.   I gcás, de bharr force majeure, nach mbeidh modhanna íocaíochta ó chistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366, seachas nótaí bainc agus boinn, ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm mhír 1 nó, i gcás inarb infheidhme, mhír 2 den Airteagal seo a chur ar fionraí go sealadach agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi gan mhoill. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas freisin faoi fhad ionchasach na tréimhse nach mbeidh fáil ar mhodhanna íocaíochta ó chistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 seachas nótaí bainc agus boinn agus faoi na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit chun iad a chur ar fáil arís.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise arna cur in iúl ag an mBallstát, nach bhfuil bonn cirt le cur i bhfeidhm mhír 1 nó, i gcás inarb infheidhme, mhír 2 a chur ar fionraí ar bhonn force majeure, glacfaidh sé cinneadh a bheidh dírithe ar an mBallstát sin ina n-iarrfar go gcuirfí deireadh láithreach le fionraí den sórt sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas