2. I gcás ina mainníonn soláthraí seirbhísí íocaíochta arís is arís eile an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir nó faoin íocaí a sholáthar, déanfaidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach an méid seo a leanas:
|
(a)
|
bearta a dhéanamh, agus féadfar a áireamh orthu sin ar dtús rabhaidh a eisiúint agus sprioc-amanna a shocrú, sula ndéanfar aistriú a dhiúltú, a shrianadh nó a fhoirceannadh i gcomhréir le pointe (b) mura bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear curtha ar fáil go fóill; nó
|
|
(b)
|
aon aistriú cistí amach anseo ón soláthraí seirbhísí íocaíochta sin a dhiúltú go díreach, nó a ghaolmhaireacht ghnó leis an soláthraí seirbhísí íocaíochta sin a shrianadh nó a fhoirceannadh.
|
Tabharfaidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach tuairisc faoin mainneachtain sin, agus faoi na bearta a rinneadh, don údarás inniúil atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.