5. Chun críoch TLPT comhthiomsaithe dá dtagraítear in Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2022/2554 a dhéanamh:
|
(a)
|
tiocfaidh údaráis TLPT na n-eintiteas airgeadais ar chomhaontú maidir le cén t-eintiteas airgeadais a ainmneofar chun an TLPT comhthiomsaithe a stiúradh, agus na seirbhísí TFC a sholáthraíonn an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí do na heintitis airgeadais agus éifeachtúlacht na tástála á gcur san áireamh;
|
|
(b)
|
is é údarás TLPT an eintitis airgeadais a ainmnítear i gcomhréir le pointe (a) a bheidh i gceannas ar TLPT, mura gcomhaontóidh údaráis TLPT na n-eintiteas airgeadais atá rannpháirteach sa TLPT comhpháirteach a mhalairt;
|
|
(c)
|
féadfaidh údaráis TLPT na n-eintiteas airgeadais seachas an t-eintiteas airgeadais ainmnithe a bheidh i gceannas ar TLPT comhthiomsaithe a spéis a léiriú maidir le TLPT a leanúint mar bhreathnóirí nó bainisteoir tástála a shannadh don TLPT sin.
|
Comhordóidh an príomhúdarás TLPT gach údarás TLPT a bhfuil baint aige le TLPT comhthiomsaithe agus glacfaidh sé na cinntí uile is gá chun TLPT comhthiomsaithe a dhéanamh ar bhealach fónta agus éifeachtach.