+Airteagal 16 Comhar agus aitheantas frithpháirteach
---+Airteagal 16 1
---+Airteagal 16 2
---+Airteagal 16 3
---+Airteagal 16 4
---+Airteagal 16 5
---+Airteagal 16 6

Airteagal 16 Comhar agus aitheantas frithpháirteach

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1

1.   Chun críoch TLPT a dhéanamh i ndáil le heintiteas airgeadais a sholáthraíonn seirbhísí i níos mó ná Ballstát amháin, lena n-áirítear trí bhrainse, déanfaidh a údarás TLPT an méid seo a leanas:

(a)

a chinneadh cé na húdaráis TLPT sna Ballstáit óstacha a bheidh rannpháirteach, agus cé acu a oibrítear nó nach n-oibrítear feidhm chriticiúil nó thábhachtach amháin nó níos mó i mBallstáit óstacha nó a roinntear nó nach roinntear iad ar fud na mBallstát óstach a chur san áireamh;

(b)

údaráis TLPT arna sainaithint i gcomhréir le pointe (a) a chur ar an eolas faoin gcinneadh tástáil TLPT a dhéanamh ar an eintiteas airgeadais;

(c)

mura gcomhaontóidh údaráis TLPT a mhalairt, is é údarás TLPT an eintitis airgeadais a bheidh i gceannas ar TLPT.

Féadfaidh údaráis TLPT na mBallstát óstach, laistigh de 20 lá oibre ón bhfaisnéis a fháil maidir le hiompar TLPT amach anseo, a spéis a léiriú maidir le TLPT a leanúint mar bhreathnóirí nó bainisteoir tástála a shannadh chun páirt a ghlacadh in TLPT. Soláthróidh an príomhúdarás TLPT doiciméad na sonraíochta raoin feidhme, an tuarascáil achomair tástála, an plean feabhsúcháin agus an fianú do gach údarás TLPT a ghníomhaíonn mar bhreathnóirí in TLPT.

Comhordóidh an príomhúdarás TLPT gach údarás TLPT rannpháirteach le linn na tástála agus glacfaidh sé na cinntí uile is gá chun TLPT a dhéanamh go hiomchuí agus go héifeachtach. Féadfaidh an príomhúdarás TLPT líon uasta údarás rannpháirteach TLPT a shocrú, i gcás ina bhféadfaí iompar éifeachtúil TLPT a chur i mbaol murach sin.

Airteagal 16 2

2.   I gcás ina n-úsáideann eintiteas airgeadais an soláthraí seirbhíse TFC inghrúpa céanna le heintitis airgeadais atá bunaithe i mBallstáit eile, nó i gcás ina mbaineann sé le grúpa agus ina roinneann sé córais TFC le heintitis airgeadais den ghrúpa céanna atá bunaithe i mBallstáit eile, rachaidh údarás TLPT an eintitis airgeadais i dteagmháil le húdaráis TLPT na n-eintiteas airgeadais eile a úsáideann an soláthraí seirbhíse TFC inghrúpa céanna nó a chomhroinneann córais TFC mar chuid den ghrúpa agus déanfaidh sé measúnú leo ar a indéanta agus a oiriúnaí atá sé TLPT comhpháirteach a dhéanamh ina leith. Measfar go bhfuil TLPT comhpháirteach níos fearr ná TLPT aonair i gcás ina bhféadfadh laghdú ar chostais agus ar acmhainní do na heintitis airgeadais agus d’údaráis TLPT a bheith mar thoradh air, ar choinníoll nach ndéanfar dochar d’fhóntacht ná d’éifeachtúlacht na tástála.

Airteagal 16 3

3.   Chun críoch TLPT comhpháirteach a dhéanamh:

(a)

tiocfaidh údaráis TLPT na n-eintiteas airgeadais ar chomhaontú maidir leis an eintiteas airgeadais a ainmneofar chun TLPT a dhéanamh, agus struchtúr an ghrúpa agus éifeachtúlacht na tástála á gcur san áireamh;

(b)

is é údarás TLPT an eintitis airgeadais a ainmnítear i gcomhréir le pointe (a) a bheidh i gceannas ar TLPT, mura gcomhaontóidh údaráis TLPT na n-eintiteas airgeadais atá rannpháirteach sa TLPT comhpháirteach a mhalairt;

(c)

féadfaidh údaráis TLPT na n-eintiteas airgeadais seachas an t-eintiteas airgeadais ainmnithe chun bheith i gceannas ar TLPT comhpháirteach a spéis a léiriú maidir le TLPT a leanúint mar bhreathnóirí nó bainisteoir tástála a shannadh don TLPT sin.

Comhordóidh an príomhúdarás TLPT gach údarás TLPT a bhfuil baint aige le TLPT comhpháirteach agus glacfaidh sé na cinntí uile is gá chun TLPT comhpháirteach a dhéanamh ar bhealach fónta agus éifeachtach.

Airteagal 16 4

4.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag eintiteas airgeadais TLPT comhthiomsaithe dá dtagraítear in Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2022/2554 a dhéanamh a bhféadfadh baint a bheith ag eintitis airgeadais atá bunaithe i mBallstáit eile leis, rachaidh a údarás TLPT i dteagmháil le húdaráis TLPT na n-eintiteas airgeadais eile agus déanfaidh sé measúnú leo ar a indéanta agus a oiriúnaí atá sé TLPT comhthiomsaithe a dhéanamh ina leith sin i gcomhréir le hAirteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2022/2554.

Airteagal 16 5

5.   Chun críoch TLPT comhthiomsaithe dá dtagraítear in Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2022/2554 a dhéanamh:

(a)

tiocfaidh údaráis TLPT na n-eintiteas airgeadais ar chomhaontú maidir le cén t-eintiteas airgeadais a ainmneofar chun an TLPT comhthiomsaithe a stiúradh, agus na seirbhísí TFC a sholáthraíonn an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí do na heintitis airgeadais agus éifeachtúlacht na tástála á gcur san áireamh;

(b)

is é údarás TLPT an eintitis airgeadais a ainmnítear i gcomhréir le pointe (a) a bheidh i gceannas ar TLPT, mura gcomhaontóidh údaráis TLPT na n-eintiteas airgeadais atá rannpháirteach sa TLPT comhpháirteach a mhalairt;

(c)

féadfaidh údaráis TLPT na n-eintiteas airgeadais seachas an t-eintiteas airgeadais ainmnithe a bheidh i gceannas ar TLPT comhthiomsaithe a spéis a léiriú maidir le TLPT a leanúint mar bhreathnóirí nó bainisteoir tástála a shannadh don TLPT sin.

Comhordóidh an príomhúdarás TLPT gach údarás TLPT a bhfuil baint aige le TLPT comhthiomsaithe agus glacfaidh sé na cinntí uile is gá chun TLPT comhthiomsaithe a dhéanamh ar bhealach fónta agus éifeachtach.

Airteagal 16 6

6.   I gcás, i ndáil le heintiteas airgeadais a gceanglaítear air TLPT a dhéanamh, nach ionann a údarás TLPT agus a údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2022/2554, roinnfidh na húdaráis sin aon fhaisnéis ábhartha i leith gach ábhair a bhaineann le TLPT chun críoch TLPT a dhéanamh nó chun a ndualgais a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas