+Airteagal 1 1

Airteagal 1 1

1.   Úsáidfidh eintitis airgeadais an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I chun an fógra tosaigh, an tuarascáil idirmheánach, agus an tuarascáil chríochnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2022/2554 a chur isteach mar a leanas:

(a)

na heintitis airgeadais a chuireann fógra tosaigh isteach, líonfaidh siad isteach réimsí sonraí an teimpléid a chomhfhreagraíonn don fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/301 ón gCoimisiún (7), agus féadfaidh siad, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin acu cheana féin, na réimsí sonraí sin a líonadh isteach, ar réimsí iad sin nach gceanglaítear a líonadh isteach le haghaidh fógra tosaigh ach go gceanglaítear sin le haghaidh tuarascáil idirmheánach nó tuarascáil chríochnaitheach;

(b)

na heintitis airgeadais a chuireann fógra idirmheánach isteach, líonfaidh siad isteach réimsí sonraí an teimpléid a chomhfhreagraíonn don fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/301, agus féadfaidh siad, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha acu cheana féin, réimsí sonraí a líonadh isteach, ar réimsí iad nach gceanglaítear a líonadh isteach le haghaidh na tuarascála idirmheánaí ach go gceanglaítear sin le haghaidh na tuarascála chríochnaithí;

(c)

na heintitis airgeadais a chuireann tuarascáil chríochnaitheach isteach, líonfaidh siad réimsí sonraí an teimpléid a chomhfhreagraíonn don fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/301.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas