+Airteagal 1 Teimpléad chun mórtheagmhais a bhaineann le TFC a thuairisciú
---+Airteagal 1 1
---+Airteagal 1 2
---+Airteagal 1 3
---+Airteagal 1 4
---+Airteagal 1 5
|
Airteagal 1 Teimpléad chun mórtheagmhais a bhaineann le TFC a thuairisciú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1
|
1. Úsáidfidh eintitis airgeadais an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I chun an fógra tosaigh, an tuarascáil idirmheánach, agus an tuarascáil chríochnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2022/2554 a chur isteach mar a leanas:
|
(a)
|
na heintitis airgeadais a chuireann fógra tosaigh isteach, líonfaidh siad isteach réimsí sonraí an teimpléid a chomhfhreagraíonn don fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/301 ón gCoimisiún (7), agus féadfaidh siad, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin acu cheana féin, na réimsí sonraí sin a líonadh isteach, ar réimsí iad sin nach gceanglaítear a líonadh isteach le haghaidh fógra tosaigh ach go gceanglaítear sin le haghaidh tuarascáil idirmheánach nó tuarascáil chríochnaitheach;
|
|
(b)
|
na heintitis airgeadais a chuireann fógra idirmheánach isteach, líonfaidh siad isteach réimsí sonraí an teimpléid a chomhfhreagraíonn don fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/301, agus féadfaidh siad, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha acu cheana féin, réimsí sonraí a líonadh isteach, ar réimsí iad nach gceanglaítear a líonadh isteach le haghaidh na tuarascála idirmheánaí ach go gceanglaítear sin le haghaidh na tuarascála chríochnaithí;
|
|
(c)
|
na heintitis airgeadais a chuireann tuarascáil chríochnaitheach isteach, líonfaidh siad réimsí sonraí an teimpléid a chomhfhreagraíonn don fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/301.
|
|
|
Airteagal 1 2
|
2. Áiritheoidh eintitis airgeadais go bhfuil an fhaisnéis atá san fhógra tosaigh, agus sa tuarascáil idirmheánach agus chríochnaitheach, iomlán agus cruinn.
|
|
Airteagal 1 3
|
3. Soláthróidh eintitis airgeadais luachanna measta bunaithe ar shonraí agus ar fhaisnéis eile atá ar fáil, a mhéid is féidir, i gcás nach mbeidh sonraí cruinne ar fáil tráth an tuairiscithe le haghaidh an fhógra tosaigh nó na tuarascála idirmheánaí.
|
|
Airteagal 1 4
|
4. Agus tuarascáil idirmheánach nó tuarascáil chríochnaitheach á cur isteach acu, úsáidfidh eintitis airgeadais an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I chun an fhaisnéis uile is gá a chur isteach agus tabharfaidh siad cothrom le dáta, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis a soláthraíodh roimhe sin san fhógra tosaigh nó sa tuarascáil idirmheánach.
|
|
Airteagal 1 5
|
5. Leanfaidh eintitis airgeadais an ghluais sonraí agus na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II nuair a bheidh an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I á líonadh isteach acu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|