1. Féadfaidh soláthraí seirbhísí tríú páirtí ar seachfhoinsíodh oibleagáidí tuairiscithe chuige dá dtagraítear in Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2022/2554 an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a úsáid chun faisnéis chomhiomlánaithe a sholáthar maidir le mórtheagmhas a bhaineann le TFC a mbíonn tionchar aige ar eintitis airgeadais iomadúla in aon fhógra nó tuarascáil amháin, agus an fógra nó an tuarascáil sin a chur faoi bhráid an údaráis inniúil thar ceann na n-eintiteas airgeadais uile lena mbaineann, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(a)
|
gur ó sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a eascraíonn an mórtheagmhas a bhaineann le TFC atá le tuairisciú nó gurb é an soláthraí sin is cúis leis;
|
|
(b)
|
soláthraíonn an soláthraí seirbhísí tríú páirtí sin an tseirbhís TFC ábhartha do níos mó ná eintiteas airgeadais amháin, nó do ghrúpa;
|
|
(c)
|
tá an teagmhas a bhaineann le TFC aicmithe mar mhórtheagmhas ag gach eintiteas airgeadais a chumhdaítear san fhógra nó sa tuarascáil chomhiomlánaithe;
|
|
(d)
|
déanann an mórtheagmhas a bhaineann le TFC difear d’eintitis airgeadais laistigh d’aon Bhallstát amháin agus baineann an tuarascáil chomhiomlánaithe le heintitis airgeadais a ndéanann an t-údarás inniúil céanna maoirseacht orthu;
|
|
(e)
|
cheadaigh údaráis inniúla go sainráite don chineál sin eintiteas airgeadais a dtuairisciú a chomhiomlánú.
|