+Airteagal 7 Tuairisciú comhiomlánaithe
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3

Airteagal 7 Tuairisciú comhiomlánaithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1

1.   Féadfaidh soláthraí seirbhísí tríú páirtí ar seachfhoinsíodh oibleagáidí tuairiscithe chuige dá dtagraítear in Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2022/2554 an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a úsáid chun faisnéis chomhiomlánaithe a sholáthar maidir le mórtheagmhas a bhaineann le TFC a mbíonn tionchar aige ar eintitis airgeadais iomadúla in aon fhógra nó tuarascáil amháin, agus an fógra nó an tuarascáil sin a chur faoi bhráid an údaráis inniúil thar ceann na n-eintiteas airgeadais uile lena mbaineann, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

gur ó sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a eascraíonn an mórtheagmhas a bhaineann le TFC atá le tuairisciú nó gurb é an soláthraí sin is cúis leis;

(b)

soláthraíonn an soláthraí seirbhísí tríú páirtí sin an tseirbhís TFC ábhartha do níos mó ná eintiteas airgeadais amháin, nó do ghrúpa;

(c)

tá an teagmhas a bhaineann le TFC aicmithe mar mhórtheagmhas ag gach eintiteas airgeadais a chumhdaítear san fhógra nó sa tuarascáil chomhiomlánaithe;

(d)

déanann an mórtheagmhas a bhaineann le TFC difear d’eintitis airgeadais laistigh d’aon Bhallstát amháin agus baineann an tuarascáil chomhiomlánaithe le heintitis airgeadais a ndéanann an t-údarás inniúil céanna maoirseacht orthu;

(e)

cheadaigh údaráis inniúla go sainráite don chineál sin eintiteas airgeadais a dtuairisciú a chomhiomlánú.

Airteagal 7 2

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hinstitiúidí creidmheasa a meastar ábharthacht shuntasach a bheith ag baint leo dá dtagraítear in Airteagal 2 pointe (16) de Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 an Bhainc Ceannais Eorpaigh (8), oibreoirí ionad trádála, agus contrapháirtithe lárnacha, nach n-úsáidfidh an teimpléad in Iarscríbhinn I ach amháin chun fógraí nó tuarascálacha maidir le mórtheagmhais a bhaineann le TFC a chur faoi bhráid a n-údaráis inniúil ar bhonn aonair.

Airteagal 7 3

3.   I gcás ina n-éileoidh údaráis inniúla faisnéis faoi thionchar aonair an mhórtheagmhais a bhaineann le TFC ar eintiteas airgeadais aonair, arna iarraidh sin don údarás inniúil, cuirfidh an t-eintiteas airgeadais fógra aonair nó tuarascáil isteach maidir leis an mórtheagmhas a bhaineann le TFC.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas