+RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/420 ÓN gCOIMISIÚN an 16 Nollaig 2024 lena bhforlíontar Rialachán 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála chun na critéir a shonrú chun comhdhéanamh na foirne scrúdúcháin comhpháirtí a chinneadh lena n-áiritheofar rannpháirtíocht chothrom ball foirne ó na ÚMEnna agus ó na húdaráis inniúla ábhartha, a n-ainmniú, a gcúraimí agus a socruithe oibre (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+Airteagal 1 Na cúraimí a bheidh ar bhaill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach
------+Airteagal 1 1
------+Airteagal 1 2
---+Airteagal 2 Bunú na foirne scrúdúcháin comhpháirtí
------+Airteagal 2 1
------+Airteagal 2 2
------+Airteagal 2 3
------+Airteagal 2 4
------+Airteagal 2 5
------+Airteagal 2 6
------+Airteagal 2 7
---+Airteagal 3 Baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach
------+Airteagal 3 1
------+Airteagal 3 2
------+Airteagal 3 3
------+Airteagal 3 4
---+Airteagal 4 Athrú ar an mballraíocht san fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach
---+Airteagal 5 Na socruithe oibre a bheidh ag baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach
------+Airteagal 5 1
------+Airteagal 5 2
------+Airteagal 5 3
------+Airteagal 5 4
------+Airteagal 5 5
---+Airteagal 6 Teacht i bhfeidhm
English - European Union - Financial Industry - DORA -

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/420 ÓN gCOIMISIÚN an 16 Nollaig 2024 lena bhforlíontar Rialachán 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála chun na critéir a shonrú chun comhdhéanamh na foirne scrúdúcháin comhpháirtí a chinneadh lena n-áiritheofar rannpháirtíocht chothrom ball foirne ó na ÚMEnna agus ó na húdaráis inniúla ábhartha, a n-ainmniú, a gcúraimí agus a socruithe oibre (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/420 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Nollaig 2024

lena bhforlíontar Rialachán 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála chun na critéir a shonrú chun comhdhéanamh na foirne scrúdúcháin comhpháirtí a chinneadh lena n-áiritheofar rannpháirtíocht chothrom ball foirne ó na ÚMEnna agus ó na húdaráis inniúla ábhartha, a n-ainmniú, a gcúraimí agus a socruithe oibre

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Preamble: 1

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 41(2), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart an creat formhaoirseachta a bhunaítear le Rialachán (AE) 2022/2554 a fhorbairt ar chomhar struchtúrtha leanúnach idir na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) agus na húdaráis inniúla tríd an bhFóram Formhaoirseachta agus trí na foirne scrúdúcháin comhpháirteacha.

(2)

Ba cheart do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 40(2) de Rialachán (AE) 2022/2554 a áirithiú go bhfuil an saineolas teicniúil is gá sna próifílí is gá ag a mbaill foirne atá le ceapadh mar bhaill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 40(1) den Rialachán sin. An léiriú nach bhfuil foireann ag údarás a chomhlíonann an saineolas teicniúil sonrach is gá sna foirne scrúdúcháin comhpháirteacha, ba cheart don Phríomh-Fhormhaoirseoir sin a mheas mar údar chun na húdaráis a urscaoileadh, ag an bpointe ama sin, maidir lena n-oibleagáid baill foirne a ainmniú do na foirne scrúdúcháin comhpháirteacha. Sa chás sin, ba cheart don údarás, mar sin féin, gealltanas a thabhairt ar bhonn na hiarrachta is fearr chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh saineolais sin agus iarracht a dhéanamh a chumais a threisiú chun rannchuidiú leis na foirne scrúdúcháin comhpháirteacha i gcomhthéacs an chéad chleachtaidh eile.

(3)

Baill foirne na n-údarás dá dtagraítear in Airteagal 40(2) de Rialachán (AE) 2022/2554 atá ainmnithe mar bhaill d’fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 40(1) den Rialachán sin, ba cheart dóibh leanúint de bheith ina bhfostaithe de chuid an údaráis ainmniúcháin agus, dá bhrí sin, faoi réir uaireanta oibre agus suíomh buan oibre mar a áirítear ina gconarthaí fostaíochta.

(4)

Chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtaí as acmhainní agus gníomhaíochtaí formhaoirseachta á gcur i gcrích, ba cheart do bhaill de na foirne scrúdúcháin comhpháirteacha a bheith in ann a bheith ina gcuid de roinnt foirne scrúdúcháin comhpháirteacha agus maoirseacht a dhéanamh ar iliomad soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla. Maidir le líon na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla atá le sannadh do bhall sonrach den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach, agus riachtanais foirne fhoriomlána na bhfoirne scrúdúcháin comhpháirteacha, ba cheart dóibh próifíl riosca na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla agus leibhéal beartaithe dhéine na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta a chur san áireamh. An deis sin maidir le maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla iomadúla, cuirtear san áireamh í sa phlean formhaoirseachta ilbhliantúil straitéiseach, a thugann na Príomh-Fhormhaoirseoirí cothrom le dáta a mhéid is gá ar bhonn bliantúil, agus léirítear í sa phlean formhaoirseachta bliantúil aonair freisin. Chun iontaofacht a áirithiú maidir leis an ngealltanas pleanáilte agus leanúnach ó na húdarás ainmniúcháin maidir le soláthar foirne do na foirne scrúdúcháin comhpháirteacha, ba cheart don Phríomh-Fhormhaoirseoir dul i gcomhairle leis an Líonra Formhaoirseachta Comhpháirtí agus leis an bhFóram Formhaoirseachta araon maidir leis an bplean formhaoirseachta ilbhliantúil straitéiseach.

(5)

Ba cheart don Phríomh-Fhormhaoirseoir meascán de chritéir agus de phrionsabail a chur i bhfeidhm nuair a dhéantar líon na mball foirne i ngach foireann scrúdúcháin chomhpháirteach a shainaithint chomh maith leis an gcomhdhéanamh a bheidh ann mar thoradh air sin. I bhfianaise lorg éagsúil teicneolaíoch agus geografach soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla agus na húsáide a bhaineann eintitis airgeadais éagsúla astu sin, ba cheart a chur san áireamh sna critéir agus sna prionsabail sin cineál teicniúil na gcúraimí formhaoirseachta, grád éagsúil spleáchais na n-eintiteas airgeadais ar na seirbhísí a sholáthraíonn na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla, an dáileadh geografach, méid agus líon na n-eintiteas airgeadais a bhraitheann ar na seirbhísí sin agus, i gcás inar féidir, ionadaíocht trasearnála chomhréireach. Agus an cúram sin á dhéanamh aige, ba cheart don Phríomh-Fhormhaoirseoir brath ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na húdaráis inniúla i gcomhthéacs ainmniú na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla, lena n-áirítear an fhaisnéis is gá le haghaidh na bhfo-chritéar uile faoi mar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1502 ón gCoimisiún (2) agus ba cheart dó criticiúlacht na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla a mheas chun seirbhísí airgeadais sonracha a sholáthar ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais araon.

(6)

Chun a áirithiú go mbeidh struchtúr agus comhdhéanamh na bhfoirne scrúdúcháin comhpháirteacha oiriúnach dá bhfeidhm agus chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht an Chreata Formhaoirseachta a áirithiú go leanúnach, ba cheart don Phríomh-Fhormhaoirseoir agus do bhaill de na foirne scrúdúcháin comhpháirteacha measúnú tréimhsiúil a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach ag na foirne scrúdúcháin comhpháirteacha. Ba cheart don Phríomh-Fhormhaoirseoir agus do na húdaráis ainmniúcháin na measúnuithe sin a úsáid chun a dheimhniú an bhfuil baill de na foirne scrúdúcháin comhpháirteacha fós oiriúnach chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus athruithe a dhéanamh ar bhallraíocht de na foirne scrúdúcháin compháirteacha, i gcás inarb iomchuí.

(7)

Chun a áirithiú go n-oibreoidh baill de na foirne scrúdúcháin comhpháirteacha mar fhoireann aonair agus go ndéanfar gníomhaíochtaí formhaoirseachta ar bhealach comhsheasmhach, ba cheart do na ÚMEnna na nósanna imeachta formhaoirseachta a shonrú a bheidh le leanúint ag baill de na foirne scrúdúcháin agus ag comhordaitheoir an Phríomh-Fhormhaoirseora agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

(8)

Ós rud é go mbaineann próiseáil faisnéise rúnda leis na cúraimí maoirseachta, ba cheart don Phríomh-Fhormhaoirseoir rochtain a thabhairt do bhaill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach ar fhaisnéis den sórt sin agus ar na hacmhainní TF (lena n-áirítear uirlisí, feidhmchláir agus tacair sonraí) agus neamh-TF (lena n-áirítear beartas, nósanna imeachta agus doiciméadacht) a bhaineann léi ar bhonn riachtanais eolais agus laistigh de raon feidhme sonraithe a tascanna más gá sin do bhaill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach chun cabhrú leis an bPríomh-Fhormhaoirseoir a fheidhmeanna nó a chúraimí reachtúla a chomhlíonadh. Agus socruithe á leagan síos idir an Príomh-Fhormhaoirseoir agus na húdaráis inniúla chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1505 ón gCoimisiún (3), chun maoiniú cuí na gcostas a bhaineann leis na hacmhainní arna soláthar ag na húdaráis ainmniúcháin a áirithiú, ba cheart don Phríomh-Fhormhaoirseoir roinn a áireamh sna socruithe sin ina sonrófar an nós imeachta maidir le haisíoc chostais dhíreacha agus indíreacha na n-údarás ainmniúcháin uile a bhfuil baint acu leis na foirne scrúdúcháin comhpháirteacha. Thairis sin, chun forghníomhú trédhearcach iontaofa na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta a áirithiú, ba cheart a áirithiú leis na socruithe sin freisin go mbeidh baill de na foirne scrúdúcháin comhpháirteacha saor ó aon choinbhleacht leasa agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

(9)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh.

(10)

Reáchtáil Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar chostais agus tairbhí féideartha na gcaighdeán atá beartaithe agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Beidh an Rialachán sin ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

Airteagal 1 Na cúraimí a bheidh ar bhaill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach -
Airteagal 2 Bunú na foirne scrúdúcháin comhpháirtí -
Airteagal 3 Baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach -
Airteagal 4 Athrú ar an mballraíocht san fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach

Airteagal 4

Athrú ar an mballraíocht san fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach

Ar bhonn tréimhsiúil, nó i gcás ina n-athrófar an Príomh-Fhormhaoirseoir, nó i gcás ina dtarlóidh athruithe ábhartha mar a shonraítear in Airteagal 2(2), déanfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir measúnú ar thorthaí na mball den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach, tar éis dó dul i gcomhairle le baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach. Bainfidh na húdaráis ainmniúcháin agus an Príomh-Fhormhaoirseoir araon úsáid as torthaí an mheasúnaithe sin chun cinneadh a dhéanamh an iomchuí athrú a dhéanamh ar bhallraíocht den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirtí.

Airteagal 5 Na socruithe oibre a bheidh ag baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach -
Airteagal 6 Teacht i bhfeidhm

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1502 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir a shonrú maidir le soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí a ainmniú mar sholáthraithe criticiúla le haghaidh eintitis airgeadais (IO L, 2024/1502, 30.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1502/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1505 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chinneadh a dhéanamh maidir le méid na dtáillí formhaoirseachta a bheidh le gearradh ag an bPríomh-Fhormhaoirseoir ar sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla agus an chaoi a n-íocfar na táillí sin (IO L, 2024/1505, 30.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1505/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1094/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/295 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2024 a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála maidir le comhchuibhiú coinníollacha lena gcumasaítear na gníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéanamh. (IO L, 2025/295, 13.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/295/oj).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha