+Airteagal 3 Baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
---+Airteagal 3 3
---+Airteagal 3 4
|
Airteagal 3 Baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1
|
1. Cinnfidh an Príomh-Fhormhaoirseoir an líon ball den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach agus a comhdhéanamh i gcomhaontú leis an Líonra Formhaoirseachta Comhpháirtí dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2022/2554 agus i gcomhairle leis an bhFóram Formhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 32(1) den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 3 2
|
2. Cinnfidh an Príomh-Fhormhaoirseoir an líon sin mar chuid den phróiseas chun an fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach a bhunú, agus de réir mar is gá le himeacht ama, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(a)
|
na cúraimí a áirítear sna pleananna formhaoirseachta bliantúla aonair a dréachtaíodh do gach soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil a ndéanann an fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach maoirseacht air;
|
|
(b)
|
cuspóirí straitéiseacha an phlean formhaoirseachta ilbhliantúil a dréachtaíodh le haghaidh gach soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil a ndéanann na foirne scrúdúcháin comhpháirteacha uile formhaoirseacht orthu.
|
|
|
Airteagal 3 3
|
3. Chun líon agus comhdhéanamh na mball san fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach a chinneadh, déanfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir gach ceann díobh seo a leanas a mheas ar a laghad:
|
(a)
|
an leibhéal déine gníomhaíochtaí formhaoirseachta atá beartaithe a dhéanamh i ndáil le gach soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil;
|
|
(b)
|
méid agus castacht an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a ndéanann an fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach agus na ÚMEnna maoirseacht air ina gcáil mar Phríomh-Fhormhaoirseoirí;
|
|
(c)
|
na riachtanais shonracha formhaoirseachta aonair a bhaineann leis an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil sonrach, arna measúnú ag an bPríomh-Fhormhaoirseoir;
|
|
(d)
|
cobhsaíocht chomhdhéanamh na foirne scrúdúcháin comhpháirtí, lena n-áirithítear coinneáil chuí eolais;
|
|
(e)
|
na scileanna is gá chun go ndéanfaidh an fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach na cúraimí a fhorghníomhú, agus na ceanglais maidir le heolas teicniúil agus neamhtheicniúil TFC á gcur san áireamh;
|
|
(f)
|
na Ballstáit ina soláthraíonn an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha na n-eintiteas airgeadais, agus na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar na heintitis airgeadais a bhaineann úsáid as na seirbhísí sin;
|
|
(g)
|
cineálacha, méideanna agus líon na n-eintiteas airgeadais ar dóibh a sholáthraíonn an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha;
|
|
(h)
|
na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar na heintitis airgeadais is spleáiche ar na seirbhísí TFC a sholáthraíonn na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla;
|
|
(i)
|
ionadaíocht trasearnála chomhréireach ar údaráis ainmniúcháin na foirne scrúdúcháin comhpháirtí.
|
|
|
Airteagal 3 4
|
4. Agus baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach á n-ainmniú acu, déanfaidh na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 40(2) de Rialachán (AE) 2022/2554 pointí (c), (d), (e), (g) agus (h) de mhír 3 a mheas ar a laghad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|