+RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1502 ÓN gCOIMISIÚN an 22 Feabhra 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir a shonrú maidir le soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí a ainmniú mar sholáthraithe criticiúla le haghaidh eintitis airgeadais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+Airteagal 1 Cur chuige measúnaithe
------+Airteagal 1 1
------+Airteagal 1 2
---+Airteagal 2 Tionchar sistéamach soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ar chobhsaíocht, leanúnachas nó cáilíocht an tsoláthair seirbhísí airgeadais
------+Airteagal 2 1
------+Airteagal 2 2
------+Airteagal 2 3
------+Airteagal 2 4
------+Airteagal 2 5
---+Airteagal 3 Cineál sistéamach agus tábhacht shistéamach na seirbhísí TFC a sholáthraítear d’eintitis airgeadais
------+Airteagal 3 1
------+Airteagal 3 2
------+Airteagal 3 3
------+Airteagal 3 4
---+Airteagal 4 Criticiúlacht nó tábhacht na bhfeidhmeanna
---+Airteagal 5 Méid na hinionadaitheachta
------+Airteagal 5 1
------+Airteagal 5 2
------+Airteagal 5 3
------+Airteagal 5 4
------+Airteagal 5 5
---+Airteagal 6 Foinsí faisnéise chun measúnú criticiúlachta a chumasú
------+Airteagal 6 1
------+Airteagal 6 2
---+Airteagal 7 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
English - European Union - Financial Industry - DORA -

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1502 ÓN gCOIMISIÚN an 22 Feabhra 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir a shonrú maidir le soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí a ainmniú mar sholáthraithe criticiúla le haghaidh eintitis airgeadais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1502 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Feabhra 2024

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir a shonrú maidir le soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí a ainmniú mar sholáthraithe criticiúla le haghaidh eintitis airgeadais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Preamble: 1

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 31(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a mheas an bhfuil soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúil d’eintitis airgeadais, agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2022/2554 á gcur san áireamh, ba cheart do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) fo-chritéir a úsáid i measúnú cur chuige dhá chéim. I bhfianaise líon tábhachtach na seirbhísí TFC agus éagsúlacht agus líon na n-institiúidí airgeadais a úsáideann na seirbhísí sin, ba cheart tabhairt faoin gcur chuige dhá chéim sin chun scagadh a dhéanamh ar dhaonra na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí agus chun na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí is criticiúla a shainaithint. Na fo-chritéir chainníochtúla atá le meas mar chuid den chéad chéim den mheasúnú, tá gá leo chun an chéad rogha a dhéanamh ar an daonra soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí a bhfuil sé ábhartha anailís dhomhain bhreise a dhéanamh ina leith i bhfianaise na bhfo-chritéir cáilíochtúla atá le meas mar chuid den dara céim den mheasúnú.

(2)

Meastar gur eilimint ríthábhachtach den mheasúnú criticiúlachta go ginearálta é a mhéid a thacaíonn seirbhís TFC arna soláthar ag soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an eintitis airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart tábhacht ghníomhaíochtaí na n-eintiteas airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó sheirbhísí TFC a chomhtháthú i ngach fo-chritéar a meastar gur cuid den chéad chéim iad. Dá bhrí sin, níor cheart measúnú cainníochtúil sainiúil a bheith ann a bhaineann le criticiúlacht fheidhmeanna na n-eintiteas airgeadais mar chuid den chéad chéim den mheasúnú. Ina ionad sin, is iomchuí go mbreithneoidh ÚMEnna criticiúlacht agus tábhacht fheidhmeanna na n-eintiteas airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó sheirbhísí TFC mar chuid den dara céim cháilitheach den mheasúnú.

(3)

Ba cheart an measúnú a dhéanamh in aghaidh an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí aonair nó, i gcás inarb infheidhme, in aghaidh an ghrúpa soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí i gcás ina mbaineann an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí le grúpa de réir Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2022/2554. Chun gur féidir measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an tionchar sistéamach a d’fhéadfadh a bheith ann ar earnáil airgeadais an Aontais, ba cheart fochonraitheoirí TFC soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí a bheith faoi réir mheasúnú ag na ÚMEnna freisin, agus i gcás inarb infheidhme, ba cheart iad a ainmniú mar sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúla.

(4)

Chun tionchar sistéamach an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ar chobhsaíocht, leanúnachas nó cáilíocht sholáthar na seirbhísí airgeadais a chinneadh, tá sé ríthábhachtach dearcadh soiléir a fhorbairt maidir le méid agus cineál an tionchair shistéamaigh a bheadh ag cliseadh oibríochtúil mórscála soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ar eintitis airgeadais, eintitis a bhraitheann ar sheirbhísí a sholáthraíonn soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí, agus ar an gcóras airgeadais. Dá bhrí sin, is iomchuí líon na n-eintiteas airgeadais i gcatagóir shonrach d’eintitis airgeadais a úsáideann na seirbhísí TFC céanna a mheas, chomh maith le luach a sócmhainní chun measúnú a dhéanamh an bhfuil sé ábhartha a mheas go bhfuil an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí a thairgeann na seirbhísí TFC sin criticiúil. Thairis sin, ba cheart measúnú cáilíochtúil a dhéanamh ar thábhacht shistéamach agus idirnascthacht na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, agus ar thábhacht na seirbhísí arna soláthar ag soláthraí TFC tríú páirtí do sholáthar seirbhísí airgeadais ag eintitis airgeadais, agus cobhsaíocht agus leanúnachas na seirbhísí á gcur san áireamh, chun tionchar sistéamach an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ar ghníomhaíochtaí eintiteas airgeadais a chinneadh.

(5)

Chun cineál sistéamach agus tábhacht shistéamach na n-eintiteas airgeadais atá ag brath ar na seirbhísí TFC a chinneadh, is gá cineál na n-eintiteas airgeadais sin a chur san áireamh. I gcás ina mbraitheann eintitis airgeadais a aicmítear mar G-SIInna agus O-SIInna nó a shainaithnítear mar eintitis ‘sistéamacha’ ar na seirbhísí TFC céanna chun tacú lena bhfeidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, is iomchuí a mheasúnú ar cheart an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí a sholáthraíonn na seirbhísí sin a mheas mar sholáthraí criticiúil d’earnáil airgeadais an Aontais. Ba cheart measúnú a dhéanamh freisin ar an idirnascthacht idir eintitis airgeadais laistigh d’earnáil airgeadais an Aontais a bhraitheann ar sheirbhísí TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí céanna chun spleáchas na n-eintiteas airgeadais ar an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí sin a chinneadh.

(6)

Ba cheart measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí TFC a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha na n-eintiteas airgeadais i leith a saghais agus a gcineáil chriticiúil atá riachtanach chun go mbeidh na heintitis airgeadais in ann a ngníomhaíochtaí a chur i gcrích gan aon suaitheadh.

(7)

Chun méid inionadaitheachta an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí a chinneadh, is gá líon na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí atá gníomhach ar mhargadh ar leith a chur san áireamh, is gá a chur san áireamh gurb ann do réitigh mhalartacha don tseirbhís TFC chéanna, agus is gá na costais a bhaineann le sonraí agus ualaí oibre TFC a aistriú chuig soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí eile a chur san áireamh, mar chuid den chomhaontú a bheidh le déanamh ag na ÚMEnna.

(8)

Chun fóntacht an phróisis mheasúnaithe a áirithiú, tá sé tábhachtach go mbeidh na ÚMEnna ag brath ar na sonraí ó na cláir faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2022/2554, agus ar aon fhaisnéis eile atá ar fáil go héasca, agus measúnú á dhéanamh acu ar cé acu ar cheart nó nár cheart na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí a ainmniú mar sholáthraithe criticiúla.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

Airteagal 1 Cur chuige measúnaithe -
Airteagal 2 Tionchar sistéamach soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ar chobhsaíocht, leanúnachas nó cáilíocht an tsoláthair seirbhísí airgeadais -
Airteagal 3 Cineál sistéamach agus tábhacht shistéamach na seirbhísí TFC a sholáthraítear d’eintitis airgeadais -
Airteagal 4 Criticiúlacht nó tábhacht na bhfeidhmeanna

Airteagal 4

Criticiúlacht nó tábhacht na bhfeidhmeanna

Agus an critéar a leagtar amach in Airteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2022/2554 á bhreithniú, déanfaidh na ÚMEnna a measúnú i bhfianaise an fho-chritéir ‘céim 2’ seo a leanas:

—

Fo-chritéar 3.1: an tseirbhís TFC a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí céanna a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais, tá sí criticiúil le haghaidh ghníomhaíochtaí na n-eintiteas airgeadais.

Airteagal 5 Méid na hinionadaitheachta -
Airteagal 6 Foinsí faisnéise chun measúnú criticiúlachta a chumasú -
Airteagal 7 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Mar sin féin, cuirfidh an Príomh-Fhormhaoirseoir i bhfeidhm fo-chritéar 1.4 dá dtagraítear in Airteagal 2, mír 5, pointe (b) amhail ón 16 Eanáir 2025.


(1)   IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.

(2)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/oj).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha