+Airteagal 2 Tionchar sistéamach soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ar chobhsaíocht, leanúnachas nó cáilíocht an tsoláthair seirbhísí airgeadais
---+Airteagal 2 1
---+Airteagal 2 2
---+Airteagal 2 3
---+Airteagal 2 4
---+Airteagal 2 5
|
Airteagal 2 Tionchar sistéamach soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ar chobhsaíocht, leanúnachas nó cáilíocht an tsoláthair seirbhísí airgeadais
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1
|
1. Agus an critéar a leagtar amach in Airteagal 31(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554 á bhreithniú, déanfaidh na ÚMEnna measúnú i dtaobh an gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí na fo-chritéir ‘céim 1’ seo a leanas:
|
(a)
|
Fo-chritéar 1.1: sciar de líon na n-eintiteas airgeadais, arna miondealú de réir catagóirí eintiteas airgeadais a liostaítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, dá soláthraíonn an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí céanna seirbhísí TFC i gcás ina dtacaíonn na seirbhísí TFC le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha;
|
|
(b)
|
Fo-chritéar 1.2: sciar de luach iomlán shócmhainní na n-eintiteas airgeadais, arna miondealú de réir catagóirí eintiteas airgeadais a liostaítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, dá soláthraíonn an soláthraí TFC tríú páirtí céanna seirbhísí TFC i gcás ina dtacaíonn na seirbhísí TFC le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais.
|
|
|
Airteagal 2 2
|
2. Déanfar fo-chritéar 1.1 a leagtar amach i mír 1, pointe (a), a ríomh mar a leanas:
|
an líon eintiteas airgeadais i gcatagóir eintiteas airgeadais mar a leagtar amach
in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554,
dá soláthraíonn an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí céanna seirbhísí TFC
i gcás ina dtacaíonn na seirbhísí TFC le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais
|
|
an líon iomlán eintiteas airgeadais i gcatagóir eintiteas airgeadais
mar a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554
|
|
|
Airteagal 2 3
|
3. Déanfar fo-chritéar 1.2 a leagtar amach i mír 1, pointe (b), a ríomh mar a leanas:
|
luach iomlán shócmhainní na n-eintiteas airgeadais i gcatagóir eintiteas airgeadais
mar a liostaítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554,
dá soláthraíonn an soláthraí tríú páirtí TFC céanna seirbhísí TFC
i gcás ina dtacaíonn na seirbhísí TFC le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais
|
|
luach iomlán shócmhainní eintitis airgeadais uile an Aontais sa chatagóir chéanna
mar a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554
|
|
|
Airteagal 2 4
|
4. Measfar go bhfuil na fo-chritéir ‘céim 1’ dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta ag soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí i gcás ina bhfuil an dá scair arna ríomh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 ag 10 % ar a laghad den líon iomlán le haghaidh catagóir amháin eintiteas airgeadais ar a laghad mar a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554.
|
|
Airteagal 2 5
|
5. Agus an critéar a leagtar amach in Airteagal 31(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554 á bhreithniú agus i gcás ina ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí na fo-chritéir ‘céim 1’ dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, déanfaidh na ÚMEnna a measúnú i bhfianaise na bhfo-chritéar ‘céim 2’ seo a leanas:
|
(a)
|
Fo-chritéar 1.3: déine an tionchair a bhaineann le scor de na seirbhísí TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ar ghníomhaíochtaí agus oibríochtaí eintiteas airgeadais arna sainaithint sna fo-chritéir ‘céim 1’ dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus líon na n-eintiteas airgeadais sin dá ndéantar difear;
|
|
(b)
|
Fo-chritéar 1.4: spleáchas an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí chriticiúil ar na fochonraitheoirí céanna a sholáthraíonn seirbhísí TFC a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|