5. Agus an critéar a leagtar amach in Airteagal 31(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554 á bhreithniú agus i gcás ina ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí na fo-chritéir ‘céim 1’ dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, déanfaidh na ÚMEnna a measúnú i bhfianaise na bhfo-chritéar ‘céim 2’ seo a leanas:
|
(a)
|
Fo-chritéar 1.3: déine an tionchair a bhaineann le scor de na seirbhísí TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ar ghníomhaíochtaí agus oibríochtaí eintiteas airgeadais arna sainaithint sna fo-chritéir ‘céim 1’ dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus líon na n-eintiteas airgeadais sin dá ndéantar difear;
|
|
(b)
|
Fo-chritéar 1.4: spleáchas an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí chriticiúil ar na fochonraitheoirí céanna a sholáthraíonn seirbhísí TFC a thacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais.
|