+RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1772 ÓN gCOIMISIÚN an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir maidir le haicmiú teagmhas a bhaineann le TFC agus cibearbhagairtí, lena leagtar amach tairseacha ábharthachta agus lena sonraítear sonraí tuairiscithe mórtheagmhas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+CAIBIDIL I CRITÉIR AICMITHE
------+Airteagal 1 Cliaint, contrapháirtithe airgeadais agus idirbhearta
---------+Airteagal 1 1
---------+Airteagal 1 2
---------+Airteagal 1 3
---------+Airteagal 1 4
---------+Airteagal 1 5
------+Airteagal 2 Tionchar ar chlú
---------+Airteagal 2 1
---------+Airteagal 2 2
------+Airteagal 3 Fad agus aga neamhfhónaimh seirbhíse
---------+Airteagal 3 1
---------+Airteagal 3 2
------+Airteagal 4 Raon geografach
---------+Airteagal 4 (a)
---------+Airteagal 4 (b)
---------+Airteagal 4 (c)
------+Airteagal 5 Caillteanais sonraí
---------+Airteagal 5 (a)
---------+Airteagal 5 (b)
---------+Airteagal 5 (c)
---------+Airteagal 5 (d)
------+Airteagal 6 Criticiúlacht sonraí a ndearnadh difear dóibh
---------+Airteagal 6 (a)
---------+Airteagal 6 (b)
---------+Airteagal 6 (c)
------+Airteagal 7 Tionchar eacnamaíoch
---------+Airteagal 7 1
---------+Airteagal 7 2
---------+Airteagal 7 3
---------+Airteagal 7 4
---+CAIBIDIL II MÓRTHEAGMHAIS AGUS TAIRSEACHA ÁBHARTHACHTA
------+Airteagal 8 Mórtheagmhais
---------+Airteagal 8 1
---------+Airteagal 8 2
------+Airteagal 9 Tairseacha ábharthachta chun mórtheagmhais a chinneadh
---------+Airteagal 9 1
---------+Airteagal 9 2
---------+Airteagal 9 3
---------+Airteagal 9 4
---------+Airteagal 9 5
---------+Airteagal 9 6
---+CAIBIDIL III CIBEARBHAGAIRTÍ SUNTASACHA
------+Airteagal 10 Tairseacha ábharthachta arda chun cibearbhagairtí suntasacha a chinneadh
---------+Airteagal 10 (a)
---------+Airteagal 10 (b)
---------+Airteagal 10 (c)
---------+Airteagal 10 2
---+CAIBIDIL IV ÁBHARTHACHT MÓRTHEAGMHAS d’ÚDARÁIS INNIÚLA I mBALLSTÁIT EILE AGUS MIONSONRAÍ TUARASCÁLACHA ATÁ LE ROINNT LE hÚDARÁIS INNIÚLA EILE
------+Airteagal 11 Ábharthacht mórtheagmhas d’údaráis inniúla i mBallstáit eile
---------+Airteagal 11 (a)
---------+Airteagal 11 (b)
---------+Airteagal 11 (c)
------+Airteagal 12 Mionsonraí faoi mhórtheagmhais atá le roinnt le húdaráis inniúla eile
---+CAIBIDIL V FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
------+Airteagal 13 Teacht i bhfeidhm
|
English -
European Union -
Financial Industry -
DORA -
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1772 ÓN gCOIMISIÚN an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir maidir le haicmiú teagmhas a bhaineann le TFC agus cibearbhagairtí, lena leagtar amach tairseacha ábharthachta agus lena sonraítear sonraí tuairiscithe mórtheagmhas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1772 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Márta 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir maidir le haicmiú teagmhas a bhaineann le TFC agus cibearbhagairtí, lena leagtar amach tairseacha ábharthachta agus lena sonraítear sonraí tuairiscithe mórtheagmhas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Preamble: 1
|
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 18(4), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2022/2554 comhchuibhiú agus cuíchóiriú a dhéanamh ar cheanglais maidir le tuairisciú teagmhas a bhaineann le TFC agus ceanglais maidir le tuairisciú teagmhas oibríochtúil nó slándála a bhaineann le híocaíocht i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa, institiúidí íocaíochta, soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntais, agus institiúidí ríomh-airgid (‘teagmhais’). Ós rud é go gcumhdaítear leis na ceanglais maidir le tuairisciú 20 cineál éagsúil eintiteas airgeadais, ba cheart na critéir aicmithe agus na tairseacha ábharthachta chun mórtheagmhais agus cibearbhagairtí suntasacha a chinneadh a shonrú ar bhealach simplí, comhchuibhithe agus comhsheasmhach, lena gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí sheirbhísí agus ghníomhaíochtaí na n-eintiteas airgeadais ábhartha uile.
|
|
(2)
|
Chun comhréireacht a áirithiú, ba cheart a léiriú sna critéir aicmithe agus sna tairseacha ábharthachta an méid agus an phróifíl riosca fhoriomlán, chomh maith le cineál, scála agus castacht sheirbhísí na n-eintiteas airgeadais uile. Thairis sin, ba cheart na critéir agus na tairseacha ábharthachta a dhearadh ar bhealach ina mbeidh feidhm acu maidir leis na heintitis airgeadais uile go comhsheasmhach, gan beann ar a méid agus próifíl riosca, agus nach ngabhann ualach díréireach tuairiscithe leo d’eintitis airgeadais bheaga. Mar sin féin, chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina ndéantar difear do líon mór cliant ag teagmhas nach sáraíonn an tairseach is infheidhme, ba cheart tairseach absalóideach atá dírithe go príomha ar eintitis airgeadais mhóra a leagan amach.
|
|
(3)
|
I ndáil leis na creataí maidir le tuairisciú teagmhas, a bhí ann roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2554, ba cheart leanúnachas a áirithiú d’eintitis airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart na critéir aicmithe agus tairseacha ábharthachta a bheith ailínithe le Treoirlínte ÚBE maidir le tuairisciú mórtheagmhas, agus spreagtha acu, faoi Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), na Treoirlínte maidir le faisnéis thréimhsiúil agus fógra faoi athruithe ábharacha atá le cur faoi bhráid ÚEUM ag Stórtha Trádála, Creat BCE/SAM maidir le Tuairisciú Cibearbhagairtí agus treoraíocht ábhartha eile. Ba cheart do na critéir aicmithe agus tairseacha a bheith oiriúnach freisin do na heintitis airgeadais nach raibh faoi réir ceanglais maidir le tuairisciú teagmhas roimh Rialachán (AE) 2022/2554.
|
|
(4)
|
I ndáil leis an gcritéar aicmithe ‘an méid agus an líon idirbheart a ndearnadh difear dóibh’, tá an coincheap ‘idirbhearta’ leathan agus cumhdaítear leis gníomhaíochtaí agus seirbhísí éagsúla ar fud na ngníomhartha earnála a bhfuil feidhm acu maidir le heintitis airgeadais. Chun críocha an chritéir aicmithe sin, maidir le hidirbhearta íocaíochta agus na foirmeacha uile de mhalartú ionstraimí airgeadais, cripteashócmhainní, tráchtearraí nó aon sócmhainne eile, i bhfoirm corrlaigh, comhthaobhachta nó gealltáin freisin, in aghaidh airgead tirim agus in aghaidh aon sócmhainn eile, ba cheart iad sin a chumhdach. Ba cheart na hidirbhearta uile lena ngabhann sócmhainní ar féidir a luach a shloinneadh i suim airgeadaíochta a chur san áireamh chun críoch aicmiúcháin.
|
|
(5)
|
Ba cheart a áirithiú leis na critéir aicmithe go ngabhtar na cineálacha ábhartha uile mórtheagmhas. Maidir le cibirionsaithe a bhaineann le hionradh ar líonra nó córais faisnéise, d’fhéadfaí nach ngabhfaí le roinnt mhaith critéir aicmithe iad. Mar sin féin, tá siad tábhachtach toisc go bhféadfadh aon ionradh ar líonra agus córais faisnéise díobháil a dhéanamh don eintiteas airgeadais. Dá réir sin, ba cheart na critéir aicmithe ‘seirbhísí criticiúla a ndearnadh difear dóibh’ agus ‘caillteanais sonraí’ a shonrú ar bhealach lena ngabhtar na cineálacha mórtheagmhas sin, go háirithe ionraí neamhúdaraithe as a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha teacht, go háirithe sáruithe sonraí agus sceitheadh sonraí, fiú nach léir na tionchair láithreach.
|
|
(6)
|
Ós rud é go bhfuil institiúidí creidmheasa faoi réir an chreata maidir le haicmiú teagmhas faoi Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2022/2554 agus faoi réir an chreata maidir le riosca oibríochtúil faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/959 ón gCoimisiún (3), ba cheart an cur chuige chun measúnú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch teagmhais bunaithe ar ríomh na gcostas agus na gcaillteanas, a mhéid is féidir, a bheith comhsheasmhach ar fud an dá chreat chun nach dtabharfaí isteach ceanglais a bheadh neamhoiriúnach nó a thiocfadh salach ar a chéile.
|
|
(7)
|
Maidir leis an gcritéar i ndáil le raon geografach teagmhais a leagtar amach in Airteagal 18(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2022/2554, ba cheart é a bheith dírithe ar thionchar trasteorann an teagmhais, ós rud é go ngabhfar tionchar teagmhais ar ghníomhaíochtaí eintitis airgeadais laistigh de dhlínse amháin leis na critéir eile a leagtar amach san Airteagal sin.
|
|
(8)
|
Ós rud é go bhfuil na critéir aicmithe idirspleách agus go bhfuil siad nasctha le chéile, maidir leis an gcur chuige chun mórtheagmhais atá le tuairisciú a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, ba cheart an cur chuige sin a bheith bunaithe ar chomhcheangal critéar, agus ba cheart tábhacht níos mó a bheith ag roinnt critéar san aicmiú mórtheagmhas, ar critéir iad atá bainteach go dlúth leis na sainmhínithe ar theagmhas a bhaineann le TFC agus ar mhórtheagmhas a bhaineann le TFC a leagtar amach in Airteagal 3(8) agus (10) de Rialachán (AE) 2022/2554, ná an tábhacht atá ag critéir eile.
|
|
(9)
|
Maidir le tuarascálacha i ndáil le mórtheagmhais a fhaigheann údaráis inniúla, agus na fógraí a fhaigheann siad fúthu, faoi Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, d’fhonn a áirithiú go mbíonn cuspóir maoirseachta ag gabháil leo chomh maith le cuspóir a bhaineann le cosc na tógálachta ar fud na hearnála airgeadais, ba cheart é a bheith indéanta leis na tairseacha ábharthachta mórtheagmhais a ghabháil, trína bheith ag díriú, inter alia, ar an tionchar ar sheirbhísí criticiúla a bhaineann go sonrach le heintiteas, ar na dearbhthairseacha agus na tairseacha coibhneasta sonracha atá ag cliaint nó contrapháirtithe airgeadais, ar idirbhearta a thugann le fios go bhfuil tionchar ábharach ar an eintiteas airgeadais agus ar shuntasacht an tionchair i mBallstáit eile.
|
|
(10)
|
Teagmhais a dhéanann difear do sheirbhísí TFC nó líonra agus córais faisnéise lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, nó seirbhísí airgeadais a éilíonn údarú nó rochtain neamhúdaraithe mhailíseach ar líonra agus córais faisnéise lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, ba cheart na teagmhais sin a mheas mar theagmhais lena ndéantar difear do sheirbhísí criticiúla eintiteas airgeadais. Maidir le rochtain mhailíseach neamhúdaraithe ar líonra agus córais faisnéise lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha eintiteas airgeadais, tá rioscaí tromchúiseacha ag gabháil leo don eintiteas airgeadais agus, toisc go bhféadfaidís difear a dhéanamh d’eintitis airgeadais eile, ba cheart iad a mheas mar mhórtheagmhais atá le tuairisciú i gcónaí.
|
|
(11)
|
Le teagmhais atarlaithe atá nasctha trí bhunchúis atá cosúil de réir dealraimh, nach mórtheagmhais iad go haonarach, d’fhéadfaí a thabhairt le fios go bhfuil easnaimh agus laigí suntasacha i nósanna imeachta bainistíochta riosca agus bainistíochta teagmhais an eintitis airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart teagmhais atarlaithe a mheas mar mhórtheagmhais chomhchoiteanna i gcás ina dtarlaíonn siad arís agus arís eile i gcaitheamh tréimhse áirithe ama.
|
|
(12)
|
Ós rud é go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag cibearbhagairtí ar an eintiteas airgeadais agus ar an earnáil airgeadais, ba cheart a thabhairt le fios leis na cibearbhagairtí suntasacha a d’fhéadfadh eintitis airgeadais a chur isteach an dóchúlacht teacht chun cinn agus criticiúlacht an tionchair fhéideartha. Dá réir sin, chun measúnú soiléir comhsheasmhach ar shuntasacht cibearbhagairtí a áirithiú, ba cheart aicmiú cibearbhagartha mar bhagairt shuntasach a bheith spleách ar an dóchúlacht go gcomhlíonfaí na critéir aicmithe do mhórtheagmhais agus a dtairseacha dá dtiocfadh an bhagairt chun cinn, ar an gcineál cibearbhagartha agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil don eintiteas airgeadais.
|
|
(13)
|
Toisc go bhfuil fógra le tabhairt d’údaráis inniúla i mBallstáit eile faoi theagmhais a bhfuil tionchar acu ar eintitis airgeadais agus custaiméirí ina ndlínse, ba cheart an measúnú ar an tionchar i ndlínse eile i gcomhréir le hAirteagal 19(7) de Rialachán (AE) 2022/2554 a bheith bunaithe ar bhunchúis an teagmhais, ar an tógálacht fhéideartha trí sholáthraithe tríú páirtí agus i mbonneagair an mhargaidh airgeadais, chomh maith le tionchar an teagmhais ar ghrúpaí suntasacha cliant nó contrapháirtithe airgeadais.
|
|
(14)
|
Leis na próisis tuairiscithe agus na próisis maidir le fógra a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 19(6) agus (7) de Rialachán (AE) 2022/2554, ba cheart na faighteoirí faoi leith a bheith in ann measúnú a dhéanamh ar thionchar na dteagmhas. Dá bhrí sin, ba cheart a chumhdach leis an bhfaisnéis tharchurtha uile na sonraí uile atá sna tuarascálacha maidir le teagmhais arna gcur faoi bhráid an údaráis inniúil ag an eintiteas airgeadais.
|
|
(15)
|
I gcás inar sárú i ndáil le sonraí pearsanta é teagmhas de réir Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do na hoibleagáidí maidir le taifeadadh agus fógra a thabhairt i dtaca le sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta a leagtar amach sna dlíthe Aontais sin. Ba cheart do na húdaráis inniúla oibriú i gcomhar leis na húdaráis dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/679 agus i dTreoir 2002/58/CE agus faisnéis faoi na hábhair ábhartha uile a mhalartú leo.
|
|
(16)
|
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhairle le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE).
|
|
(17)
|
Reáchtáil an Comhchoiste de na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar chostais agus tairbhí féideartha na gcaighdeán atá beartaithe agus d’iarr comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010,
|
|
(18)
|
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus thug sé tuairim an 24 Eanáir 2024.
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
|
|
CAIBIDIL I CRITÉIR AICMITHE
|
CAIBIDIL I CRITÉIR AICMITHE
|
|
CAIBIDIL II MÓRTHEAGMHAIS AGUS TAIRSEACHA ÁBHARTHACHTA
|
CAIBIDIL II MÓRTHEAGMHAIS AGUS TAIRSEACHA ÁBHARTHACHTA
|
|
CAIBIDIL III CIBEARBHAGAIRTÍ SUNTASACHA
|
CAIBIDIL III CIBEARBHAGAIRTÍ SUNTASACHA
|
|
CAIBIDIL IV ÁBHARTHACHT MÓRTHEAGMHAS d’ÚDARÁIS INNIÚLA I mBALLSTÁIT EILE AGUS MIONSONRAÍ TUARASCÁLACHA ATÁ LE ROINNT LE hÚDARÁIS INNIÚLA EILE
|
CAIBIDIL IV ÁBHARTHACHT MÓRTHEAGMHAS d’ÚDARÁIS INNIÚLA I mBALLSTÁIT EILE AGUS MIONSONRAÍ TUARASCÁLACHA ATÁ LE ROINNT LE hÚDARÁIS INNIÚLA EILE
|
|
CAIBIDIL V FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
CAIBIDIL V FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
Saincheisteanna nasctha
|