1. Maidir leis an líon cliant a ndearnadh difear dóibh leis an teagmhas dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554, léireofar leis sin an líon cliant uile a ndearnadh difear dóibh, cé acu daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha atá iontu, nach bhfuil nó nach raibh in ann úsáid a bhaint as an tseirbhís a sholáthraíonn an t-eintiteas airgeadais le linn an teagmhais nó ar imríodh tionchar díobhálach orthu mar gheall ar an teagmhas. Áireofar sa líon sin tríú páirtithe atá cumhdaithe go sainráite leis an gcomhaontú conarthach idir an t-eintiteas airgeadais agus an cliant mar thairbhithe na seirbhíse a ndearnadh difear di.