+RIALACHÁN (AE) 2019/494 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Márta 2019 maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta i ndáil le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
------+Airteagal 1 1
------+Airteagal 1 2
------+Airteagal 1 3
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 Deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1(2)
------+Airteagal 3 2
------+Airteagal 3 3
------+Airteagal 3 4
---+Airteagal 4 Deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 1(2)
---+Airteagal 5 Modúil oiliúna a aistriú
---+Airteagal 6 Rialacha agus oibleagáidí maidir le deimhnithe atá faoi rialú ag Airteagal 3 nó Airteagal 4
------+Airteagal 6 1
------+Airteagal 6 2
------+Airteagal 6 3
---+Airteagal 7 Údarás inniúil
---+Airteagal 8 Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm
---+Airteagal 9 Modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach
---+Airteagal 10 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
------+Airteagal 10 1
------+Airteagal 10 2
------+Airteagal 10 3
---+IARSCRÍBHINN
|
English -
European Union -
Aviation -
RIALACHÁN (AE) 2019/494 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Márta 2019 maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta i ndáil le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
RIALACHÁN (AE) 2019/494 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Márta 2019
maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta i ndáil le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Preamble: 1
|
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.
|
|
(2)
|
Is é príomhchuspóir Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ardleibhéal aonfhoirmeach sábháilteachta eitlíochta a chur ar bun agus a choinneáil ar bun san Aontas. Chuige sin, bunaíodh córas deimhnithe le haghaidh gníomhaíochtaí eitlíochta éagsúla chun na leibhéil sábháilteachta a cheanglaítear a bhaint amach agus chun gur féidir na fíoraithe riachtanacha a dhéanamh agus na deimhnithe arna n-eisiúint a ghlacadh go frithpháirteach.
|
|
(3)
|
I réimse na sábháilteachta eitlíochta, is féidir le cuid mhór geallsealbhóirí an tionchar a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar dheimhnithe agus ar fhormheasanna a leigheas le bearta éagsúla. Ar na bearta sin tá aistriú chuig údarás eitlíochta sibhialta de cheann amháin de na 27 mBallstát atá fágtha, nó iarratas a dhéanamh, roimh dháta na tarraingthe siar, ar dheimhniú a eiseoidh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”), a thiocfaidh i bhfeidhm ón dáta sin amháin agus, dá bhrí sin, a bheidh coinníollach ar an Ríocht Aontaithe a bheith ina tríú tír as sin amach.
|
|
(4)
|
Mar sin féin, murab ionann agus réimsí eile de chuid dhlí an Aontais, is ann do chásanna sonracha nach féidir deimhniú a fháil ó Bhallstát eile ná ón nGníomhaireacht ós rud é, ó dháta na tarraingthe siar ar aghaidh, go nglacfaidh an Ríocht Aontaithe, i gcás a dlínse féin, a ról mar “an stát inar dearadh” faoin gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta. Maidir leis an Ríocht Aontaithe féin, ní féidir léi deimhnithe a eisiúint sa ról nua sin go dtí go mbeidh an ról sin glactha aici, is é sin le rá nuair a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe tar éis di tarraingt siar as an Aontas.
|
|
(5)
|
Is gá, dá bhrí sin, sásra sealadach a chur ar bun chun síneadh a chur le bailíocht deimhnithe sábháilteachta eitlíochta áirithe, chun go mbeidh go leor ama ag na hoibreoirí lena mbaineann agus ag an nGníomhaireacht chun na deimhnithe riachtanacha a eisiúint faoi Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2018/1139 chun stádas na Ríochta Aontaithe mar thríú tír a chur san áireamh.
|
|
(6)
|
Ba cheart fad an tsínidh sin arna chur le bailíocht deimhnithe a theorannú don mhéid is fíorghá chun déileáil le himeacht na Ríochta Aontaithe as córas sábháilteachta eitlíochta an Aontais.
|
|
(7)
|
Chun gur féidir am breise a thabhairt, nuair is gá, deimhnithe faoi Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2018/1139 a eisiúint do na hoibreoirí lena mbaineann, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le síneadh breise a chur le tréimhse bhailíochta na ndeimhnithe dá dtagraítear i Roinn I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (4). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
|
|
(8)
|
Lena chois sin, murab ionann agus an chuid is mó de réimsí eile dhlí an Aontais maidir le hearraí, ní ar chur ar an margadh a bhíonn tionchar ag neamhbhailíocht deimhnithe ach ar fhíorúsáid táirgí, comhpháirteanna agus fearas eitlíochta san Aontas, nuair a bhítear ag suiteáil comhpháirteanna agus fearas ar aerárthaí de chuid an Aontais a bhíonn ag oibriú san Aontas, mar shampla. Níor cheart tionchar a bheith ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ar úsáid sin na dtáirgí eitlíochta san Aontas.
|
|
(9)
|
I gcóras sábháilteachta eitlíochta an Aontais, déantar rialú docht ar oiliúint píolótaí agus meicneoirí agus tá na modúil oiliúna comhchuibhithe. Na daoine a ghlacann páirt i modúl oiliúna i mBallstát amháin, ní i gcónaí a bhíonn siad in ann aistriú go Ballstát eile le linn na hoiliúna sin. Ba cheart an cás áirithe sin a chur san áireamh i mbearta teagmhais an Aontais.
|
|
(10)
|
Ba cheart d'fhorálacha an Rialacháin seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith acu, i bprionsabal, ón lá tar éis an lae a soirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin. Mar sin féin, chun gur féidir na nósanna imeachta riaracháin riachtanacha a dhéanamh a luaithe is féidir, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo,
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Márta 2019.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. CIAMBA
|
|
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
|
|
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
|
Airteagal 2
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag sainmhínithe comhfhreagracha Rialachán (AE) 2018/1139 agus ag na gníomhartha tarmligthe agus ag na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Rialachán sin agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.
|
|
Airteagal 3 Deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1(2)
|
Na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1(2), beidh siad bailí fós go ceann tréimse naoi mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 4 Deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 1(2)
|
Airteagal 4
Deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 1(2)
Na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 1(2) maidir le húsáid táirgí, comhpháirteanna agus fearas, beidh siad bailí fós.
|
|
Airteagal 5 Modúil oiliúna a aistriú
|
Airteagal 5
De mhaolú ar Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011 (6) agus (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún (7), cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, san áireamh na scrúduithe a rinneadh in eagraíochtaí oiliúna atá faoi réir maoirseacht ag údarás inniúil na Ríochta Aontaithe ach nár eisíodh ceadúnas go fóill mar thoradh orthu roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(2) den Rialachán seo, mar a dhéanfaí iad le heagraíocht oiliúna faoi réir maoirseacht ag údarás inniúil de chuid Ballstáit.
|
|
Airteagal 6 Rialacha agus oibleagáidí maidir le deimhnithe atá faoi rialú ag Airteagal 3 nó Airteagal 4
|
|
|
Airteagal 7 Údarás inniúil
|
Airteagal 7
Chun críocha an Rialacháin seo agus chun maoirseacht a dhéanamh ar na sealbhóirí deimhnithe agus eisitheoirí deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, gníomhóidh an Ghníomhaireacht i gcáil an údaráis inniúil dá bhforáiltear le haghaidh eintitis tríú tír faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin nó faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.
|
|
Airteagal 8 Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm
|
Airteagal 8
Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 ón gCoimisiún (8) maidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha a mbeidh deimhnithe ina seilbh acu nó á n-eisiúint acu dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le sealbhóirí deimhnithe comhfhreagracha arna n-eisiúint do dhaoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha as tríú tíortha.
|
|
Airteagal 9 Modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach
|
Airteagal 9
Modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach
Féadfaidh an Ghníomhaireacht modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 76(3) de Rialachán (AE) 2018/1139.
|
|
Airteagal 10 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
|
|
|
IARSCRÍBHINN
|
IARSCRÍBHINN
LIOSTA NA NDEIMHNITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1
|
Roinn 1:
|
Deimhnithe a eisíonn Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) do dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a bhfuil a bpríomhionad gnó sa Ríocht Aontaithe agus le haghaidh aerárthaí dá dtagraítear sna gníomhartha seo a leanas:
|
1.1.
|
Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (1), Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinn A, Fochuid B (Deimhnithe cineáil agus deimhnithe cineáil shrianta)
|
|
1.2.
|
Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinn A, Fochuid D (Athruithe ar dheimhnithe cineáil agus deimhnithe srianta ar chineál)
|
|
1.3.
|
Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinn A, Fochuid E (Deimhnithe cineáil forlíontacha)
|
|
1.4.
|
Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinn A, Fochuid M (Deisiú)
|
|
1.5.
|
Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinnt A, Fochuid O (Údaruithe de réir Ord Teicniúil Caighdeánach na hEorpa)
|
|
1.6.
|
Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinn A, Fochuid J (Rormheasanna eagraíochtaí dearaidh)
|
|
|
Roinn 2:
|
Deimhnithe le haghaidh táirgí, comhpháirteanna nó fearais a eisíonn daoine dlítheanacha nó daoine nádúrtha arna ndeimhniú ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, dá dtagraítear sna gníomhartha seo a leanas:
|
2.1.
|
Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Roinn A, Fochuid G, pointe 21.A.163(c) (deimhnithe údaraithe um scaoileadh le haghaidh táirgí, comhpháirteanna agus fearas)
|
|
2.2.
|
Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn II, Cuid 145, pointe 145.A.75(e) (deimhnithe um scaoileadh chun seirbhíse maidir le críochnú cothabhála)
|
|
2.3.
|
Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn II, Cuid 145, pointe 145.A.75(f) (deimhnithe um athbhreithniú aerfhiúntais le haghaidh aerárthaí ELA 1)
|
|
2.4.
|
Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn I, Cuid M, Roinn A, Fochuid F, pointe M.A.615(d) (deimhnithe um scaoileadh chun seirbhíse ar chríochnú na cothabhála)
|
|
2.5.
|
Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn I, Cuid M, Roinn A, Fochuid F, pointe M.A.615(e) (deimhnithe um athbhreithniú aerfhiúntais le haghaidh aerárthaí ELA 1)
|
|
2.6.
|
Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn I, Cuid M, Roinn A, Fochuid G, pointe M.A.711(a)(4) nó (b)(1) (deimhnithe athbhreithnithe aerfhiúntais agus síntí orthu)
|
|
2.7.
|
Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn I, Cuid-M, Roinn A, Fochuid H, pointe M.A.801(b)(2) agus (3) agus (c) (deimhnithe um scaoileadh chun seirbhís i dtaca le críochnú na cothabhála).
|
|
(1) Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aerfhiúntas agus deimhniú comhshaoil d'aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniú d'eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.03.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0494
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|