+4.5 Ag brath ar thríú páirtithe agus ar sheachfhoinsiú
---+46. I dteannta na bpointí a leagtar amach i mír 9, ba cheart go n-áireodh institiúidí creidmheasa …
---+47. I dteannta Threoirlínte an ÚBE um Fhachtóirí Riosca , go háirithe treoirlínte 2.20 go 2.21 agus …
---+48. I gcás ina ndéanann institiúidí creidmheasa agus airgeadais an cianphróiseas ionduchtaithe …
---+49. I gcás ina stórálann an soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe sonraí cliaint, lena n-áirítear …

4.5 Ag brath ar thríú páirtithe agus ar sheachfhoinsiú

4.5 Ag brath ar thríú páirtithe agus ar sheachfhoinsiú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
46. I dteannta na bpointí a leagtar amach i mír 9, ba cheart go n-áireodh institiúidí creidmheasa …

I dteannta na bpointí a leagtar amach i mír 9, ba cheart go n-áireodh institiúidí creidmheasa agus airgeadais sonraíochtaí ina mbeartais agus ina nósanna imeachta ina leagtar amach cad iad na cianfheidhmeanna agus na cianghníomhaíochtaí ionduchtaithe cliant a dhéanfaidh an institiúid creidmheasa agus airgeadais, tríú páirtithe nó soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe eile.

4.5.1 Ag brath ar Sholáthraithe Tríú Páirtí i gcomhréir le Caibidil II, Alt 4 de Threoir (AE) 2015/849

47. I dteannta Threoirlínte an ÚBE um Fhachtóirí Riosca , go háirithe treoirlínte 2.20 go 2.21 agus …

I dteannta Threoirlínte an ÚBE um Fhachtóirí Riosca8 , go háirithe treoirlínte 2.20 go 2.21 agus 4.32 go 4.37 de na Treoirlínte sin, ba cheart dóibh na critéir seo a leanas a chur chun feidhme:

  • a) na bearta is gá a dhéanamh chun a bheith sásta gur leor CDD agus cianphróisis agus cian-nósanna imeachta ionduchtaithe cliant an tríú pháirtí féin agus gur leor an fhaisnéis agus na sonraí a bhailíonn siad sa chomhthéacs sin agus go bhfuil siad comhsheasmhach leis na ceanglais atá leagtha síos sna Treoirlínte seo;
  • b) leanúnachas an chaidrimh ghnó a bhunaítear idir an cliant agus an institiúid creidmheasa agus airgeadais a chinntiú chun cosaint a thabhairt in aghaidh imeachtaí a d’fhéadfadh easnaimh a nochtadh i gcianphróiseas ionduchtaithe cliant a dhéanann an tríú páirtí.

4.5.2 CDD a sheachfhoinsiú


8 ÚBE/GL/2021/02

48. I gcás ina ndéanann institiúidí creidmheasa agus airgeadais an cianphróiseas ionduchtaithe …

I gcás ina ndéanann institiúidí creidmheasa agus airgeadais an cianphróiseas ionduchtaithe cliant ar fad nó cuid de a sheachfhoinsiú chuig soláthraí seirbhísí seachfhoinsithe, dá dtagraítear in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2015/849, ba cheart go gcuirfeadh institiúidí creidmheasa agus airgeadais, de bhreis ar threoirlínte 2.20 go 2.21 agus 4.32 go 4.37 de Threoirlínte ÚBE um Fhachtóirí Riosca agus i dteannta Threoirlínte ÚBE maidir le Seachfhoinsiú9 i gcás inarb infheidhme, roimh agus le linn an chaidrimh ghnó leis an soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe, na bearta seo a leanas chun feidhme, ar cheart a mhéid a choigeartú ar bhonn riosca-íogair:

  • a) a chinntiú go gcuireann an soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe cianbheartais agus cian-nósanna imeachta ionduchtaithe cliant na hinstitiúide creidmheasa agus airgeadais chun feidhme go héifeachtach agus go gcomhlíonann sé iad de réir an chomhaontaithe seachfhoinsithe. Ba cheart é seo a bhaint amach trí thuairisciú rialta, monatóireacht leanúnach, cuairteanna ar an láthair nó tástáil shamplach;
  • b) measúnuithe a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil dóthain trealaimh ag an soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe agus go bhfuil sé in ann an cianphróiseas ionduchtaithe cliant a chur i gcrích. Féadfaidh measúnú ar oiliúint foirne, oiriúnacht teicneolaíochta agus rialachas sonraí ag an soláthraí seirbhísí seachfhoinsithe a bheith ar áireamh sna measúnuithe, ach gan a bheith teoranta dóibh sin;
  • c) a chinntiú go gcuirfidh an soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe na hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais ar an eolas faoi aon athruithe atá beartaithe ar an gcianphróiseas ionduchtaithe cliant nó faoi aon mhodhnú a dhéanfar ar an réiteach a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe.

9 Treoirlínte ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe.docx (europa.eu)

49. I gcás ina stórálann an soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe sonraí cliaint, lena n-áirítear …

I gcás ina stórálann an soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe sonraí cliaint, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, grianghrafadóireacht, físeáin agus doiciméid, le linn an chianphróisis ionduchtaithe, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a chinntiú:

  • a) nach mbailítear agus nach stóráiltear ach sonraí riachtanacha cliaint i gcomhréir le tréimhse choinneála atá sainithe go soiléir;
  • b) go bhfuil rochtain ar na sonraí teoranta go docht agus cláraithe;
  • c) go gcuirtear bearta slándála iomchuí chun feidhme chun a chinntiú go gcosnaítear na sonraí stóráilte.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.