+Ábhar agus raon feidhme
---+5. Comhlíonann na Treoirlínte seo an sainordú chun treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal …
---+6. Go sonrach, sna Treoirlínte seo: a) na tosca a leagan amach ar cheart do sholáthraithe seirbhísí …
---+7. Ina theannta sin, comhlíonann na Treoirlínte seo an sainordú chun treoirlínte a eisiúint i …

Ábhar agus raon feidhme

Ábhar agus raon feidhme

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
5. Comhlíonann na Treoirlínte seo an sainordú chun treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal …

Comhlíonann na Treoirlínte seo an sainordú chun treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 36, an chéad fhomhír agus an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2023/11132 .


2 Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 1).

6. Go sonrach, sna Treoirlínte seo: a) na tosca a leagan amach ar cheart do sholáthraithe seirbhísí …

Go sonrach, sna Treoirlínte seo:

  • a) na tosca a leagan amach ar cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta (SSInna), soláthraithe seirbhísí íocaíochta idirghabhálacha (SSIInna), soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní (SSCSanna) agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálacha (SSCSInna) a bhreithniú agus nósanna imeachta á mbunú acu chun aistrithe cistí agus cripteashócmhainní nach bhfuil an fhaisnéis is gá faoin íocóir/tionscnóir agus/nó faoin íocaí/tairbhí ina leith a bhrath agus a bhainistiú, agus chun a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta sin éifeachtach;
  • b) a shonrú cad ba cheart do SSInna, SSCSanna, SSIInna agus SSCSInna a dhéanamh chun an riosca sciúrtha airgid (ML) nó maoinithe sceimhlitheoireachta (TF) a bhainistiú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis riachtanach faoin íocóir, faoin tionscnóir, faoin íocaí nó faoin tairbhí ar iarraidh nó neamhiomlán;
  • c) gnéithe teicniúla de chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1113 maidir le dochair dhíreacha a shonrú.
7. Ina theannta sin, comhlíonann na Treoirlínte seo an sainordú chun treoirlínte a eisiúint i …

Ina theannta sin, comhlíonann na Treoirlínte seo an sainordú chun treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 19a(2) de Threoir (AE) 2015/8493 lena sonraítear bearta i ndáil le sainaithint agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le haistriú cripteashócmhainní atá dírithe ar sheoladh féinóstáilte nó ar de thionscnamh seolta fhéinóstáilte é.


3 Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch 73)

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.