+Airteagal 61 Luacháil i leith an iarratais ar an bprionsabal gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as
---+Airteagal 61 1
---+Airteagal 61 2
---+Airteagal 61 3
---+Airteagal 61 4
---+Airteagal 61 5
|
Airteagal 61 Luacháil i leith an iarratais ar an bprionsabal gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 61 1
|
1. Chun críocha comhlíonadh a mheas maidir leis an bprionsabal gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as mar a leagtar síos in Airteagal 60, áiritheoidh an t-údarás réitigh go ndéanfaidh duine neamhspleách luacháil chomh luath agus is féidir tar éis chur i gcrích na gníomhaíochta réitigh nó na ngníomhaíochtaí réitigh.
|
|
Airteagal 61 2
|
2. Áireofar sa luacháil dá dtagraítear i mír 1:
|
(a)
|
an chaoi a gcaithfí le scairshealbhóirí, comhaltaí imréitigh agus creidiúnaithe eile mura mbeadh an t-údarás réitigh tar éis gníomhaíocht réitigh a dhéanamh maidir leis an CPL tráth a mheas an t-údarás réitigh gur comhlíonadh na coinníollacha réitigh de bhun Airteagal 22(1) agus i gcás go mbeadh an CPL foirceanta ina ionad sin faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, tar éis chur i bhfeidhm iomlán na n-oibleagáidí conarthacha is infheidhme agus na socruithe eile ina rialacha oibríochta;
|
|
(b)
|
an chaoi ar caitheadh go hiarbhír le scairshealbhóirí, comhaltaí imréitigh agus creidiúnaithe eile le linn an CPL a réiteach;
|
|
(c)
|
an bhfuil nó nach bhfuil aon difríocht ann idir an chaoi a gcaitear leo dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus an chaoi a gcaitear leo dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo.
|
|
|
Airteagal 61 3
|
3. Chun na cóireálacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a ríomh, bainfidh an méid seo a leanas leis an luacháil dá dtagraítear i mír 1:
|
(a)
|
ní thabharfar aird ar aon soláthar de thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách don CPL faoi réiteach, de chúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais, nó de chúnamh leachtachta ó bhanc ceannais a sholáthraítear faoi chomhthaobhacht neamhchaighdeánach, faoi aibíocht agus faoi théarmaí rátaí úis;
|
|
(b)
|
bunófar í ar na caillteanais a thabhódh comhaltaí imréitigh agus creidiúnaithe eile go réalaíoch, dá mba rud é go ndearnadh an CPL a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, tar éis chur i bhfeidhm iomlán na n-oibleagáidí conarthacha is infheidhme agus na socruithe eile ina rialacha oibríochta;
|
|
(c)
|
cuirfear san áireamh inti meastachán atá réasúnach ó thaobh na tráchtála de ar na costais athsholáthair dhírigh, lena n-áirítear aon cheanglais chorrlaigh bhreise, arna dtabhú ag na comhaltaí imréitigh chun a nglansuíomhanna inchomparáide sa mhargadh a athoscailt laistigh de thréimhse iomchuí trí dhálaí éifeachtacha an mhargaidh a bhreithniú, lena n-áirítear doimhneacht an mhargaidh agus cumas an mhargaidh méid ábhartha na nglansuíomhanna sin a idirbheartú laistigh den tréimhse sin; agus
|
|
(d)
|
bunófar í ar mhodheolaíocht phraghsála an CPL féin mura rud é nach léiríonn an mhodheolaíocht sin i gcomhair praghsanna a chinneadh dálaí éifeachtacha an mhargaidh.
|
Léireoidh fad na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír impleachtaí an dlí dócmhainneachta is infheidhme agus saintréithe na nglansuíomhanna ábhartha.
|
|
Airteagal 61 4
|
4. Beidh an luacháil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo éagsúil leis an luacháil arna déanamh faoi Airteagal 24(3).
|
|
Airteagal 61 5
|
5. Déanfaidh ESMA, agus na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagail 49(5) agus 74(4) de Threoir 2014/59/AE á gcur san áireamh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, ina sonrófar an mhodheolaíocht chun an luacháil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh, lena n-áirítear ríomh na gcaillteanas tar éis leachtú a eascraíonn as na costais dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír (3) den Airteagal seo dá mba rud é go ndearnadh an CPL a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, tar éis chur i bhfeidhm iomlán na n-oibleagáidí conarthacha is infheidhme agus na socruithe eile ina rialacha oibríochta.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Feabhra 2022.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0023
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|