+Airteagal 8 1

Airteagal 8 1

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar rialachas inmheánach agus formhaoirseacht na hinstitiúide i ndáil leis an aonad rialaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis an aonad rialaithe riosca sin:

(a)

tá sé go hiomlán ar leithligh agus neamhspleách ar an bpearsanra agus na feidhmeanna bainistíochta atá freagrach as na réimsí gnó trádála;

(b)

déantar ionadaíocht chuí air i gcomhlachtaí cinnteoireachta na hinstitiúide agus tá baint aige leis an bpróiseas cinnteoireachta i gcás ina bhfuil aon cheann de na saincheisteanna seo a leanas ar an gclár oibre:

(i)

modheolaíochtaí nua chun measúnú a dhéanamh ar riosca margaidh agus aon athrú ar mhodheolaíochtaí atá ann cheana a fhormheas;

(ii)

bunú deisce trádála a fhormheas;

(iii)

tuarascálacha agus fardail faoi shainchúram an aonaid rialaithe riosca a fhormheas nó a thabhairt cothrom le dáta;

(iv)

an leibhéal riosca is inghlactha a shocrú;

(v)

an struchtúr teorainneacha inmheánacha a shocrú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta;

(vi)

sáruithe ar theorainneacha a fhormheas;

(vii)

táirgí nua nó línte nua gnó a fhormheas;

(viii)

samhlacha praghsála a úsáidtear chun críocha riosca a fhormheas;

(ix)

cláir tástála struis a fhormheas;

(x)

córais bhonneagar TF a bhaineann le huirlisí bainistíochta riosca a fhormheas;

(c)

tá sé leordhóthanach agus iomchuí do mhéid na hinstitiúide agus do rioscaí an ghnó, agus tá na hacmhainní is gá aige chun a chúraimí a dhéanamh go héifeachtach;

(d)

tá foireann cháilithe oilte aige a bhfuil taithí leordhóthanach aici chun na gníomhaíochtaí ábhartha uile a dhéanamh chun bainistíocht riosca éifeachtach a dhéanamh ar an tsamhail inmheánach agus chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí aonad eile, go háirithe na haonaid ghnó trádála, agus agóid a dhéanamh ina gcoinne;

(e)

tá sé freagrach as toradh na ríomhanna bunaithe ar an tsamhail tomhais riosca inmheánach agus ar an tsamhail inmheánach maidir leis an riosca mainneachtana.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.